Éire 2040 – Ár bPlean – Preaseisiúint

Inniu, d’fhoilsigh an Rialtas “Éire 2040 – Ár bPlean” don tsraith dheiridh de chomhairliúcháin phoiblí. Sna seachtainí amach romhainn, go dtí an 3 Samhain, beidh deis ag an bpobal athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat pleanála straitéisí fadtéarmach d’fhás agus do rathúnas na tíre amach anseo. Treoróidh Éire 2040 – Ár dTionscadal deiseanna pleanála náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla inár bPoblacht mar aon le cinntí infheistíochta as seo go ceann scór bliain ar a laghad.

Dúirt an tAire Eoghan Murphy:

“Is éard atáimid ag iarraidh a bhaint amach faoi Éire 2040 – Ár bPlean ná fís agus uaillmhian chomhroinnte faoin gcineál tíre a d’fhéadfadh a bheith againn faoi 2040. Mhaireamar trí thréimhse ina raibh athruithe móra le déanaí, agus tá dúshláin nua amach romhainn i gcónaí. Ní mór dúinn plean a leagan síos don todhchaí má táimid chun dul i ngleic mar is ceart leis na dúshláin atá ar an mbealach a bhaineann le fás daonra, athrú déimeagrafaíochta agus athruithe sa saol oibre agus sa saol laethúil.”

“Ní féidir leanúint leis na patrúin fáis agus forbartha mar atá ann anois agus gan plean comhordaithe. Trínár bpleanáil spásúil a ailíniú lenár gcinntí infheistíochta – tríd an bPlean Forbartha Náisiúnta a ailíniú le Plean Náisiúnta Infheistíochta deich mbliana – den chéad uair riamh beidh creat pleanála fiúntach againn a mbeidh muinín ag daoine as maidir le cur chun cinn a bpobal.”

Dúirt an tAire Stáit Tithíochta agus Forbartha Uirbigh Damien English:

“Faoi 2040, tá a fhios againn go mbeidh milliún duine breise ina gcónaí in Éirinn, 600,000 duine breise ag obair, agus go mbeidh leathmhilliún áit chónaithe bhreise ar a laghad ag teastáil. Scór bliain ó shin, bhí 3.5m duine sa tír; faoi 2040, beidh beagnach 6m duine anseo agus beagnach 8 milliún duine ar an oileán agus dá bhrí sin beidh fís, cinnteacht agus pleanáil straitéiseach ríthábhachtach chun ár bhfás atá pleanáilte go maith agus a fhágann tairbhí marthanacha a chinntiú.”

Frances Fitzgerald TD, an Tánaiste agus an tAire Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta

“I ngeilleagar an lae inniu atá domhandaithe agus ag éirí níos iomaíche, tá cáilíocht áite ina bhuntáiste iomaíoch lárnach, agus is é sin an chúis a gcuirtear cáilíocht ár n-áiteanna uirbeacha agus tuaithe ar bharr an chláir oibre i mbeartas fiontair na hÉireann ó thaobh forbartha gnó agus fiontair. Is é an cuspóir atá againn a chinntiú gur féidir leis na réigiúin ar fad a gcumas a bhaint amach agus poist d’ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaoine ar fud na hÉireann. Cuireann Éire 2040 straitéis forbartha láidir bunaithe ar áit i bhfeidhm anois do chathracha, bailte agus ceantair thuaithe na hÉireann. Tacófar leis freisin le pleanáil infheistíochta chomhordaithe deich mbliana sa bhonneagar riachtanach a chuireann an chreatlach uirbeach agus tuaithe ag obair leis agus bunús rathúil d’fhorbairt ár dtíre i dtéarmaí gnó, fiontair agus nuálaíochta. Cinnteoidh ár gcur chuige comhtháite tras-rialtais go mbíonn ár ngníomhartha forfheidhmithe comh-atreisithe chun ár mbeartas uaillmhianach fiontraíochta, Fiontar 2025, a sheachadadh, agus gur féidir linn ár bhfís don lán-fhostaíocht inbhuanaithe agus cáilíocht bheatha fheabhsaithe do gach duine a chur i gcrích.”

Simon Coveney TD, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

“Athróidh agus forbróidh áit na hÉireann sa domhan agus ár gcaidrimh lenár gcomharsana is cóngaraí i dTuaisceart Éireann, sa Ríocht Aontaithe agus san Aontas Eorpach sna blianta amach romhainn, agus is é sin an chúis a bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanaimid pleanáil straitéiseach, agus aird ar chumas ár ngeilleagair dhinimiciúil oileánda agus na deiseanna ní hamháin chun na naisc lenár gcomhpháirtithe trádála san Eoraip agus sa chomhthéacs domhanda níos leithne a fhorbairt, ach iad a threisiú freisin. Léiriú sofheicthe is ea Éire 2040 de thír a bhfuil an ghaoth chinn atá roimpi ar eolas aici ach atá muiníneach freisin as a todhchaí agus a háit sa domhan.”

Pascal Donohue TD, an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

“Cruthúnas sofheicthe is ea an tiomantas chun Éire 2040 – An Creat Náisiúnta Pleanála a chríochnú agus a fhoilsiú i gcomhair comhairliúchán poiblí sula bhforbraíonn an Rialtas plean náisiúnta deich mbliana don infheistíocht go bhfuil Éire anois, tar éis di teacht amach as dúshláin eacnamaíochta thromchúiseacha, réidh chun pleanáil le fís agus muinín d’fhorbairt náisiúnta agus réigiúnach níos láidre agus níos seasmhaí. Cuideoidh an t-aiseolas ón gcéim chomhairliúcháin phoiblí chun Éire 2040 a chur i gcrích ionas go mbeidh creat pleanála straitéisí láidir, soiléir agus réadúil ann do mo Ranna chun an leanúnachas buiséadach agus infheistíochta cuí a chur chun cinn, go háirithe tríd an bPlean Infheistíochta Náisiúnta deich mbliana, a fhoilseofar mar aon leis an gCreat Náisiúnta Pleanála.”

Heather Humphries TD, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

“Cuireann Éire 2040 béim ollmhór mar is ceart ar éagsúlacht chultúr agus oidhreacht na hÉireann a chaomhnú agus a úsáid, chomh lena hoileáin mar chuid lárnach d’éagsúlacht áite ár dtíre agus dá bhrí sin an chaoi a ndéanfaimis idirdhealú idir muid féin agus náisiúin eile chun ár réigiúin a fhorbairt go hinbhuanaithe agus ár gcreatlach thuaithe go háirithe. Múnlófar agus breiseofar roghanna beartais agus tosaíochtaí laistigh den Chreat Náisiúnta Pleanála lenár saintréithe uathúla Éireannacha, ár mbá lenár stair, ár dtírdhreach agus ár gcultúr saibhir agus ár spiorad cruthaitheach.”

Denis Naughton TD, an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil

“Forbraíodh Éire 2040 ar bhealach ina gcuirtear san áireamh an Plean Maolaithe Náisiúnta ar an athrú aeráide agus tuilleadh oibre maidir le hoiriúint athraithe aeráide agus beidh sé ina uirlis forfheidhmithe lárnach don Phlean agus muid ag aistriú chuig geilleagar agus sochaí ísealcharbóin. Anuas air sin, leagtar amach comhthéacs forbartha straitéiseach sa Chreat Náisiúnta Pleanála do sholáthar líonraí leathanbhanda ardluais i gceantair thuaithe na hÉireann, córais agus bonneagar fuinnimh, agus forbairt inbhuanaithe ár n-acmhainní nádúrtha.”

Michael Ring TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail

“Léirítear in Éire 2040 tuath na hÉireann agus ár réigiúin mar ghnéithe lárnacha i bhforbairt ár dtíre don scór bliain amach romhainn agus ina dhiaidh. Dírítear ann freisin ar cháilíocht na beatha a fheabhsú do phobail ar fud na hÉireann, i gceantair uirbeacha agus thuaithe. Sa chomhthéacs sin, tá Éire 2040 mar bhuntaca le Plean Gníomhaíochta an Rialtais don Fhorbairt Tuaithe ina bhfuiltear ag iarraidh an méid is mó agus is féidir a bhaint as cumas geilleagrach agus sóisialta na hÉireann faoin tuath, mar aon leis an gCreatbheartas don Fhorbairt Áitiúil agus Pobail ina ndéantar iarracht pobail bheoga, inbhuanaithe agus fhéinchinntitheacha a chruthú ar fud na hÉireann. Cuirfidh Éire 2040 creat ar fáil le tacú le beartas forbartha tuaithe agus pobail sna blianta le teacht.”

Shane Ross TD, an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt

“Tá ról lárnach sochaíoch ag earnáil iompair na hÉireann do shaoránaigh na hÉireann, bíodh siad ina gcónaí inár gcathracha, bailte nó ceantair thuaithe. Tacóidh na beartais pleanála agus forbartha straitéisí arna leagan amach in Éire 2040 níos fearr le forbairt córas iompair phoiblí comhtháite agus inbhuanaithe. Tá cinntí maidir leis an gcaoi a bpleanáiltear agus a ndeartar áiteanna agus roghanna maidir le seachadadh bonneagar agus seirbhísí iompair ag brath go mór ar a chéile, agus má nasctar an dá rud beidh tairbhe don dá rud i gceist agus bainfear torthaí níos comhleanúnaí amach don tsochaí.

Is féidir forbairt na n-earnálacha turasóireachta agus spóirt a chumasú freisin trí na beartais pleanála agus forbartha straitéisí arna leagan amach in Éire 2040 trínár dtimpeallacht nádúrtha agus thógtha a bhreisiú agus áit níos mealltaí le cónaí inti agus le teacht ar cuairt uirthi a dhéanamh d’Éirinn.”

Tá an chéim dheiridh seo den chomhairliúchán mar bhuaicphointe de bhlianta d’obair mhór, de chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus comhairliúcháin phoiblí ag leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear os cionn 30 ceardlann, naoi seó bóthair réigiúnacha agus tréimhsí comhairliúcháin phoiblí níos luaithe. Threoraigh Grúpa Comhairleach Náisiúnta maidir leis an gCreat Náisiúnta Pleanála an obair seo, a raibh an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ina bhun.

Is féidir aighneachtaí scríofa a dhéanamh idir Dé Céadaoin, 27 Meán Fómhair agus 12 meán lae Dé hAoine, 3 Samhain trí:
  1. 1. Dul ar líne: logáil isteach ar ár suíomh gréasáin www.Ireland2040.ie (link is external) agus lean na treoracha a thugtar;
  2. 2. Seol ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist seo, agus an seoladh seo amháin, npf@housing.gov.ie
  3. 3. Scríobh chuig an seoladh a leanas: Aighneachtaí faoin gCreat Náisiúnta Pleanála, an Rannóg Pleanála Chun Cinn, An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath, D01 W6X0.
CRÍOCH

Nóta do na hEagarthóirí

Tá an tuarascáil foilsithe ar shuíomh gréasáin Éire 2040 ag http://npf.ie/wp-content/uploads/2017/10/Ireland-2040-Our-Plan-Draft-NPF.pdf (link is external)

Céard é “Éire 2040 – Ár bPlean”?

Is Creat Náisiúnta Pleanála atá ann – an t-aon cháipéis a bheidh mar threoir do phleanáil agus forbairt straitéiseach ardleibhéil na tíre as seo go ceann 20+ bliain eile, sa chaoi is gur fás inbhuanaithe (idir gheilleagrach, shóisialta agus chomhshaoil) a bheidh ann de réir mar a bheidh méadú ag teacht ar an daonra.

Go bunúsach, beidh aon phlean amháin ann chun treoir a thabhairt d’fhorbairt straitéiseach agus infheistíocht sa bhonneagar ag an leibhéal náisiúnta mar thoradh ar thabhairt chun críche an Chreata Náisiúnta Pleanála níos déanaí i mbliana le taobh an Phlean Infheistíochta Náisiúnta deich mbliana.

Tabharfaidh an Creat Náisiúnta Pleanála in éineacht leis an bPlean Infheistíochta Náisiúnta comhthéacs do gach ceann de na trí thionól réigiúnacha in Éirinn chun a gcuid Straitéisí Spásúla agus Eacnamaíocha Réigiúnacha a fhorbairt le linn dóibh aird a thabhairt ar na Pleananna Forbartha Cathrach agus Contae agus iad a chomhordú ar bhealach a chinnteoidh go mbeidh pleananna náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ag teacht lena chéile.

Cuspóirí “Éire 2040”

Seo a leanas cuspóirí deiridh an Chreata Náisiúnta Pleanála:
  • forbairt na hÉireann sa todhchaí a threorú, agus méadú réamh-mheasta 1 mhilliún ar an daonra, an gá le 660,000 post breise a chruthú chun lánfhostaíocht a bhaint amach agus an gá le 550,000 teach breise faoi 2040 á gcur san áireamh;
  • Maidir leis an 1 mhilliún duine breise,
  • beartaítear go mbeidh 25% acu lonnaithe i mBaile Átha Cliath, a aithnítear mar ár gcathair is tábhachtaí idirnáisiúnta agus dhomhanda agus an spreagthóir geilleagrach is mó,
  • beartaítear go mbeidh 25% acu lonnaithe idir na ceithre chathair eile (Corcaigh, Luimneach, Gaillimh, agus Port Láirge), ag cur ar chumas na gcathracha a ndaonra agus a bpoist a mhéadú 50-60%, agus fás mar chathracha ar scála níos mó, i.e. trí fhás dhá uair chomh mór agus a d’fhás sa 25 bliain roimhe sin go 2016, agus
  • beartaítear go dtarlóidh an 50% eile den fhás i lárionaid réigiúnacha, bailte, sráidbhailte agus limistéir thuaithe thábhachtacha, a bheidh le leagan amach sna pleananna réigiúnacha atá le teacht – Straitéisí Spásúla agus Eacnamaíocha Réigiúnacha.
  • Cuirfear ar cumas daoine cónaí níos cóngaraí don áit a mbíonn siad ag obair, ag gluaiseacht siar ó threocht neamh-inbhuanaithe comaitéireachta na linne seo;
  • Ceantair thuaithe na hÉireann a athbheochan trí phatrúin fáis atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn;
  • Pleanáil a dhéanamh maidir le dáileadh níos fearr d’fhás réigiúnach, ó thaobh post agus rathúnais, agus í a chur chun feidhme;
  • Lonnaíochtaí de gach méid a athrú ó bhonn trí athbheochan uirbeach shamhlaíoch agus beocht / poist a thabhairt ar ais go dtí na cathracha, na bailte agus na sráidbhailte;
  • Comhordú a dhéanamh ar sheachadadh bonneagair agus seirbhísí tráth an fháis, trí Chreat Náisiúnta Pleanála/Phlean Infheistíochta Náisiúnta comhleanúnach agus pleananna earnála leanúnacha a fhorbairt, a chabhróidh le haghaidh a thabhairt ar an bhfás seo agus ar phlódú agus ar cheisteanna maidir le cáilíocht an tsaoil i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile.
I measc na bpríomhphointí eile a tharraingítear anuas agus a dtéitear i ngleic leo sa Phlean Infheistíochta Náisiúnta tá:
  • Moltaí chun fás agus ceangailteacht réigiúnach a fhás go suntasach, go háirithe sna ceithre chathair taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus eatarthu, i gceantar Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair, agus níos leithne i Réigiúin an Deiscirt agus an Oirthir;
  • Moltaí chun foirmeacha níos dlúithe d’fhorbairt uirbeach a shlánú i ngach cineál lonnaíochta, chun sraoilleáil a laghdú agus chun níos mó roghanna a chur ar fáil, agus spriocanna náisiúnta forbartha líonaigh nua chun freastal ar 40% den fhás uirbeach laistigh de cheantair thógtha reatha ar thailte athfhorbraíochta;
  • Moltaí le dul i ngleic le meath na mbailte beaga agus na gceantar tuaithe ar fud na hÉireann, go háirithe iad siúd atá suite taobh amuigh de dhobharcheantar cathracha agus bailte níos mó;
  • Aitheantas don tábhacht a bhaineann leis an tuath mar thírdhreach cónaithe agus ina gcónaíonn daoine agus pobal óna dteastaíonn pleanáil chúramach lena chinntiú go gcothaítear é;
  • Béim ollmhór ar shaincheisteanna na cáilíochta beatha agus an chaoi ar féidir áiteanna a fhorbairt agus a dhearadh níos fearr chun freagairt do dhúshláin na bpobal atá ag athrú go tapa agus atá níos éagsúil, lena n-áirítear méadú ollmhór i líon an daonra náisiúnta os cionn 65 bliain d’aois;
  • Sainaithint idirghníomhaíochtaí agus caidrimh tábhachtacha thuaidh-theas, uile-oileáin le cothabháil agus le forbairt a thuilleadh chun tairbhe an dá dhlínse, d’ainneoin thorthaí an Bhreatimeachta;
  • Beartais a ailíníonn leis an bPlean Maolaithe Náisiúnta maidir le hathrú aeráide, a chumasaíonn aistriú na hÉireann chuig geilleagar ísealcharbóin agus tairbhí a bhaint as dul chun cinn geilleagrach inbhuanaithe;
  • Moltaí chun comhbhainistíocht éifeachtach a chinntiú dár n-acmhainní ar an gcladach agus san fharraige amuigh agus an t-aitheantas go bhfuil gá le beartas agus cur chuige rialála comhsheasmhach agus éifeachtach i gcomhair pleanáil talún agus mara;
  • Prionsabail infheistíochta chun forbairt agus forfheidhmiú Plean Infheistíochta Náisiúnta nua a threorú, chun freastal ar an leibhéal pleanáilte fáis a theastaíonn agus acmhainn gheilleagrach ollmhór amach anseo a dhíghlasáil agus ciste iomaíoch ‘fáis chliste’ a thabhairt isteach do cheantair thuaithe agus uirbeacha; agus
  • Teastaíonn réimse measúnuithe comhshaoil faoi riachtanais reachtaíochta AE agus náisiúnta i ndáil le saincheisteanna ar nós Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST), na Treorach maidir le Gnáthóga agus na Treorach ‘Tuillte’, a láidreoidh go suntasach an próiseas pleanála ó thaobh ailíniú reachtaíocht comhshaoil de.