Teachtaireacht ón Aire faoi Éire 2040 – An Tionscadal
– An Creat Náisiúnta Pleanála

Is é Éire 2040 – An Tionscadal an creat beartais agus pleanála uileghabhálach maidir le forbairt shóisialta, gheilleagrach agus chultúrtha ár dtíre. Cuimsítear ann plean infheistíochta caipitil mionsonraithe don tréimhse 2018 go 2027, an Plean Forbartha Náisiúnta 2018-2027, agus an Creat Náisiúnta Pleanála 2040, ar creat 20 bliain é.

Beidh cónaí ar aon mhilliún duine breise in Éirinn faoin mbliain 2040, agus beidh dhá thrian de mhilliún duine breise ag obair anseo, agus teastóidh leathmhilliún teach breise chun déileáil leis an bhfás seo.

Is éard atáimid ag iarraidh a bhaint amach faoi Éire 2040 – An Tionscadal ná fís agus uaillmhian chomhroinnte faoin gcineál tíre a d’fhéadfadh agus ba cheart a bheith againn faoi 2040. Mhaireamar trí thréimhse ina raibh athruithe móra le déanaí, agus tá dúshláin nua amach romhainn i gcónaí. Ní mór dúinn plean a leagan síos don todhchaí má táimid chun dul i ngleic mar is ceart leis na dúshláin atá ar an mbealach a bhaineann le fás daonra, athrú déimeagrafaíocht agus athruithe sa saol oibre agus sa saol laethúil.

Ní féidir leanúint leis na patrúin fáis agus forbartha mar atá ann anois agus gan plean comhordaithe. Trínár bpleanáil spásúil a ailíniú lenár gcinntí infheistíochta – tríd an gCreat Náisiúnta Pleanála a ailíniú lenár bPlean Forbartha Náisiúnta – den chéad uair riamh beidh creat pleanála fiúntach againn ar féidir le daoine muinín a chur ann maidir le cur chun cinn a bpobal.

Eoghan Murphy T.D

An tAire Tithíochta,
Pleanála agus Rialtais Áitiúil
Scroll to Top