Dréacht-Chéad Athbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Pleanála (CNP)
Faigh tuilleadh eolais thíos faoin gCéad Dréacht-Athbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta
Ar an 5 Samhain 2024, chomhaontaigh an Rialtas dréacht-sceideal de na leasuithe ar an gCéad Athbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Pleanála (CNP), ag eascairt as an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí a bhí ar siúl ón 10 Iúil 2024 go dtí an 12 Meán Fómhair 2024, a chur chun cinn agus a fhoilsiú. Chun an tAthbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Pleanála a thabhairt chun críche, ceanglófar ar an Rialtas in am trátha CNP Athbhreithnithe deiridh a fhaomhadh tar éis deireadh na measúnuithe timpeallachta, lena n-áireofar Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta; Ráiteas Tionchair Natura agus Cinneadh Measúnachta Iomchuí, chomh maith le Measúnacht Straitéiseach ar Riosca Tuile. Féach freisin: Comhaontaíonn an Rialtas leasuithe ar an Dréacht- Athbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Pleanála & spriocanna tithíochta uaillmhianacha a chur chun cinn.
Tá na doiciméid seo a leanas ar fáil anois chun féachaint orthu sna naisc thíos:
Foilseofar cóip iomlán den Dréacht Nuashonraithe den Chreat Náisiúnta Pleanála Athbhreithnithe (lena gcuimsítear dréacht-sceideal na leasuithe ag eascairt as an gcomhairliúchán poiblí, faoi réir tabhairt chun críche tar éis measúnú timpeallachta) as Gaeilge gan mhoill.
Is é an Creat Náisiúnta Pleanála (CNP) an beartas uileghabhálach agus an straitéis phleanála d’fhorbairt shóisialta, gheilleagrach agus chultúrtha na hÉireann.
Dírítear sa Dréacht-Athbhreithniú ar an ngá atá leis an gCreat a dhéanamh cothrom le dáta chun léiriú iomchuí a thabhairt ar athruithe ar bheartas rialtais a rinneadh ó foilsíodh é den chéad uair sé bliana ó shin, amhail an t-aistriú aeráide, forbairt réigiúnach, déimeagrafaic, digitiú agus infheistíocht agus beartú tosaíochta.
De réir Alt 20C(6) agus Alt 20C(7) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), tugtar cuireadh don phobal a dtuairimí a roinnt trí aighneacht nó tuairim a thabhairt ar an Dréacht-Athbhreithnithe CNP le linn na tréimhse comhairliúcháin ón gCéadaoin 10 Iúil 2024 go dtí an 5pm Déardaoin an 12 Meán Fómhair 2024 (an dá dháta san áireamh).