Is creat soiléir náisiúnta pleanála d’Éirinn don 20 bliain atá amach romhainn í an Straitéis Spáis Náisiúnta. Cliceáil anseo chun an treoir achomair maidir leis an Straitéis Spáis Náisiúnta a íoslódáil i bhformáid PDF (i mBéarla) (420kb) Cliceáil anseo chun téacs iomlán na Straitéise Spáis Náisiúnta a íoslódáil i bhformáid PDF (i mBéarla) (4mbs) Is é is aidhm don Straitéis Spáis Náisiúnta cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir forbairt shóisialta, eacnamaíoch agus fhisiciúil ar fud na hÉireann, agus tacófar léi ach pleanáil níos éifeachtaí a dhéanamh. Chun forbairt a spreagadh sna réigiúin, molann an Straitéis go bhforbrófar ceantair atá ar scála leordhóthanach agus atá mór go leor trí líonra tairseacha agus mol. Baineann an Straitéis le daoine, le háiteanna agus le hacmhainneacht. Leis an leas is fearr a bhaint as ár gcathracha, ár mbailte agus ár n-áiteanna tuaithe chun go mbeidh níos mó deiseanna ann, go mbeidh caighdeán na beatha níos fearr agus go mbeidh áiteanna níos fearr le maireachtáil iontu.
Cé gur sainaithníodh Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach/Sionainn, Gaillimh agus Port Láirge mar thairseacha atá sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2000–2006, d’ainmnigh an Straitéis Spáis Náisiúnta ceithre thairseach nua ar leibhéal náisiúnta – bailte Dhún Dealgan agus Shligigh agus na tairseacha nasctha Leitir Ceanainn/(Doire) agus Baile Átha Luain/Tulach Mhór/an Muileann gCearr i lár na tíre (Féach an léarscáil).
Ina theannta sin, sainaithin an Straitéis Spáis Náisiúnta naoi “mol” meánmhéide atá suite go straitéiseach a thacóidh leis na tairseacha agus a dtacóidh na tairseacha leo freisin agus a nascfaidh na tairseacha le ceantair thuaithe níos leithne. Is iad na moil a sainaithníodh an Cabhán, Cill Chainnigh, Inis, Loch Garman, Mala, Muineachán agus Tuaim mar aon leis na moil nasctha Béal an Átha/Caisleán an Bharraigh agus Trá Lí/Cill Airne, agus oibreoidh siad le chéile chun forbairt réigiúnach a chur chun cinn ina gceantair. Caithfear ról na dtairseacha atá ag gníomhú ar an leibhéal náisiúnta, mar aon le ról na mol atá ag gníomhú ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an chontae, a thabhairt le chéile leis na bailte contae agus na bailte móra eile mar fhócas d’fheidhmeanna gnó, cónaithe, seirbhíse agus taitneamhachta. Sainaithníonn an Straitéis gur gá tacú le ról na mbailte beaga, na sráidbhailte agus na gceantar tuaithe ar leibhéal áitiúil.
Rinneadh dul chun cinn suntasach ar leibhéal náisiúnta maidir leis an Straitéis a chur chun feidhme, agus tá an tionchar atá aici ar bheartais agus ar chláir i roinnt Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais ag dul i méid.
Ailíníonn an Plean Forbartha Náisiúnta 2007–2013 an Straitéis go lárnach ann trí chaibidil chothrománach ar leith maidir leis an bhforbairt chothrom réigiúnach. A bhuí le tiomantas sin an Rialtais chun gné na forbartha réigiúnaí de Phlean Forbartha Náisiúnta 2007–2013 a ailíniú le cuspóirí na Straitéise Spáis Náisiúnta agus tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht chaipitil i gcomhréir leis an Straitéise, bunófar an Straitéis mar bheart inmharthana agus praiticiúil beartais chun forbairt réigiúnach níos cothroime a spreagadh. Cuirfidh sé sin an Straitéis i gcroílár na gcinntí a dhéanfar maidir le bonneagar caipitil sna seacht mbliana atá amach romhainn.
Foráiltear do Chiste Nuálaíochta Tairsí i bPlean Forbartha Náisiúnta 2007–2013 arb é is aidhm dó fás na naoi gcathair agus mbaile tairsí a shainaithnítear faoin Straitéis Spáis Náisiúnta a fheabhsú. Tá leithdháileadh tosaigh státchiste de Euro300m á sholáthar tríd an gCiste a oibreoidh ar dtús ar bhonn píolótach don tréimhse 2008–2010. Faoi bhainistíocht na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, cuirfear scéim mhionsonraithe maidir le hoibriú an Chiste nua i gcrích go gairid.
Ar leibhéal Réigiúnach, cuireadh nasc tábhachtach beartais i bhfeidhm idir tosaíochtaí forbartha náisiúnta agus pleanáil áitiúil nuair a glacadh Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí i lár 2004.
Ar leibhéal an Chontae agus na Cathrach, tá Creataí Pleanála Comhtháite i bhfeidhm le haghaidh beagnach gach tairsí.