An Chéad Athbhreithniú ar an gCreat Pleanála Náisiúnta

Ráiteas ón Rialtas maidir leis an gCéad Athbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Pleanála (CNP)5 Márta 2024

D’aontaigh an Rialtas inniu, an 5 Márta 2024, go ndéanfaí faomhadh an Chreata Náisiúnta Pleanála athbhreithnithe a chur siar agus tá amlíne athbhreithnithe leagtha amach acu don phróiseas.

De bhun Alt 20C (5)(b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), tá ráiteas foilsithe ag an Rialtas lena mínítear cén fáth ar chinn an Rialtas gan athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat. Áirítear leis an Ráiteas amlíne athbhreithnithe freisin.

Is éard a bheidh i gceist leis an amlíne athbhreithnithe don phróiseas athbhreithnithe ná foilsiú an dréacht-CNP athbhreithnithe agus na measúnuithe teicniúla a théann leis le haghaidh comhairliúcháin phoiblí náisiúnta i mí an Mheithimh 2024. Ina dhiaidh sin beidh Céim Leasaithe i mí Lúnasa 2024 chun measúnú agus breithniú a dhéanamh ar na haighneachtaí a fuarthas agus chun aon leasuithe ábhartha a chur i bhfeidhm. Foilseofar an doiciméad críochnaithe, faoi réir formheasa, i mí Mheán Fómhair 2024.

Tá Ráiteas an Rialtas ar fáil anseo:

Tuarascáil an tSainghrúpa don Chéad Athbhreithniú ar an gCreat Pleanála Náisiúnta

Ar an 20 Meitheamh 2023, d’fhormheas an Rialtas tosú an phróisis chun tabhairt faoin gCéad Athbhreithniú ar an gCreat Pleanála Náisiúnta (CPN), i gcomhréir le hAlt 20C (5) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus an Treochlár don Chéad Athbhreithniú a fhoilsiú.

Bunaíodh Sainghrúpa ar a bhfuil triúr saineolaithe neamhspleácha a bhfuil taithí acu ar phleanáil spásúlachta, ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta agus ar chosaint an chomhshaoil, i mí an Mhárta 2023. D’iarr an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar an Sainghrúpa forbhreathnú ardleibhéil a sholáthar ar an CNP, a foilsíodh in 2018, agus nithe a aithint a bheadh le plé sa chéad athbhreithniú reachtúil ar an CNP.

Chuir an Sainghrúpa a dtuarascáil faoi bhráid an Aire O’Brien ar an 16 Lúnasa 2023, agus beidh sé mar bhonn eolais anois le hullmhú ‘Páipéar Saincheisteanna’ atá á fhorbairt faoi láthair le haghaidh comhairliúchán le páirtithe leasmhara.

Is féidir amharc ar “Thuarascáil an tSainghrúpa don Chéad Athbhreithniú ar an gCreat Pleanála Náisiúnta” ar an suíomh gréasáin gov.ie.

Scroll to Top