Maidir linne

Tá an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, thar ceann an Rialtais, tar éis an Creat Náisiúnta Pleanála críochnaithe faoi Éire 2040 – An Tionscadal a ullmhú agus a fhoilsiú. Is é seo an creat beartais agus pleanála uileghabhálach maidir le forbairt shóisialta, gheilleagrach agus chultúrtha ár dtíre.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Éire 2040 – An Tionscadal ag www.gov.ie/2040.

Foilsíodh an Creat Náisiúnta Pleanála tar éis dhá chéim fhoirmiúla de chomhairliúchán poiblí, níos mó ná 40 imeacht agus ceardlann réigiúnach, ceithre idirphlé le Comhchoistí Oireachtais éagsúla, aiseolas ó Shainghrúpa Comhairleach agus aighneachtaí mionsonraithe ó réimse páirtithe leasmhara.

Tá an Creat Náisiúnta Pleanála ar fáil, mar aon le faisnéis tacaíochta, anseo anois.

Journey to The National Planning Framework (Cliceáil chun méadú)
Journey to The National Planning Framework (Cliceáil chun méadú)

Cad é an Creat Náisiúnta Pleanála?

Is doiciméad náisiúnta é a bheidh mar threoir do phleanáil straitéiseach agus forbairt ardleibhéil na tíre as seo go ceann 20+ bliain eile, sa chaoi is gur fás inbhuanaithe (idir fás geilleagrach, sóisialta agus comhshaoil) a bheidh ann de réir mar a bheidh méadú ag teacht ar an daonra.

Beidh aon phlean amháin ann chun treoir a thabhairt d’fhorbairt straitéiseach agus infheistíocht sa bhonneagar ag an leibhéal náisiúnta mar thoradh ar thabhairt chun críche an Chreata Náisiúnta Pleanála le taobh an Phlean Forbartha Náisiúnta deich mbliana.

Tabharfaidh an Creat Náisiúnta Pleanála in éineacht leis an bPlean Forbartha Náisiúnta comhthéacs do gach ceann de na trí thionól réigiúnacha in Éirinn chun a gcuid Straitéisí Spásúla agus Eacnamaíocha Réigiúnacha a fhorbairt le linn dóibh aird a thabhairt ar na Pleananna Forbartha Cathrach agus Contae agus iad a chomhordú ar bhealach a chinnteoidh go mbeidh pleananna náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ag teacht lena chéile.

Cliceáil anseo le haghaidh Foilseachán.
Is féidir na haighneachtaí go léir a fuarthas mar chuid de dhréacht-Éire 2040 – Ár bPlean a fheiceáil ag an nasc thíos.

FÉACH

Fís an Chreata Náisiúnta Pleanála

Tá an fhís a leagtar faoin gCreat seo bunaithe ar thacar luachanna le dul chun cinn geilleagrach, comhshaoil agus sóisialta i ngach cearn dár dtír a chinntiú ar bhonn fadtéarmach. Agus bealach nua chun cinn á leagan amach, tarraingíonn an Creat Náisiúnta Pleanála ar cheachtanna a foghlaimíodh ón Straitéis Spásúil Náisiúnta agus tarraingítear aird ar fhís rathúil bunaithe ar roghanna níos fearr ná iad siúd a bhaineann leis an gcur chuige ‘gnó mar is gnách’.

Cuspóirí an Chreata Náisiúnta Pleanála

Seo a leanas cuspóirí deiridh an Chreata Náisiúnta Pleanála:

  • Forbairt na hÉireann sa todhchaí a threorú, agus méadú réamh-mheasta 1 mhilliún ar an daonra, an gá le 660,000 post breise a chruthú chun lánfhostaíocht a bhaint amach agus an gá le 550,000 teach breise faoi 2040 á gcur san áireamh;
  • Maidir leis an 1 mhilliún duine breise,
  • beartaítear go mbeidh 25% acu lonnaithe i mBaile Átha Cliath, a aithnítear mar ár gcathair is tábhachtaí idirnáisiúnta agus dhomhanda agus an spreagthóir geilleagrach is mó,
  • beartaítear go mbeidh 25% acu lonnaithe idir na ceithre chathair eile (Corcaigh, Luimneach, Gaillimh, agus Port Láirge), ag cur ar chumas na gcathracha a ndaonra agus a bpoist a mhéadú 50-60%, agus fás mar chathracha ar scála níos mó, i.e. trí fhás dhá uair chomh mór agus a d’fhás sa 25 bliain roimhe sin go 2016, agus
  • beartaítear go dtarlóidh an 50% eile den fhás i lárionaid réigiúnacha, bailte, sráidbhailte agus limistéir thuaithe thábhachtacha, a bheidh le leagan amach sna pleananna réigiúnacha atá le teacht – Straitéisí Spásúla agus Eacnamaíocha Réigiúnacha.
  • Cuirfear ar cumas daoine cónaí níos cóngaraí don áit a mbíonn siad ag obair, ag gluaiseacht siar ó threocht neamh-inbhuanaithe comaitéireachta na linne seo;
  • Ceantair thuaithe na hÉireann a athbheochan trí phatrúin fáis atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn;
  • Pleanáil a dhéanamh maidir le dáileadh níos fearr d’fhás réigiúnach, ó thaobh post agus rathúnais, agus í a chur chun feidhme;
  • Lonnaíochtaí de gach méid a athrú ó bhonn trí athbheochan uirbeach shamhlaíoch agus beocht / poist a thabhairt ar ais go dtí na cathracha, na bailte agus na sráidbhailte;
  • Comhordú a dhéanamh ar sheachadadh bonneagair agus seirbhísí tráth an fháis, trí Phlean Infheistíochta Náisiúnta comhleanúnach agus pleananna earnála leanúnacha a fhorbairt, a chabhróidh le haghaidh a thabhairt ar an bhfás seo agus ar phlódú agus ar cheisteanna maidir le cáilíocht an tsaoil i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile.
Strategy Map (Cliceáil chun méadú)
Strategy Map (Cliceáil chun méadú)
National Strategic Outcomes (Cliceáil chun méadú)
Faigheann anailís an tSainghrúpa tacaíocht ó scrúdú ar threochtaí forbartha reatha agus ar an obair a dhéanann an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) don Chreat Náisiúnta Pleanála chun cásanna forbartha is dóigh a tharlóidh sa todhchaí go dtí an bhliain 2040 a réamh-mheas. (Cliceáil chun méadú)

Foilseacháin

Project Ireland 2040
National Planning Framework

Feabhra 2018

7 MB

Éire 2040 – An Tionscadal An Creat Náisiúnta Pleanála

Feabhra 2018

8.8 MB

SEA Statement

Márta 2018

2.6 MB

Post-Consultation Natura Impact Statement

Meitheamh 2018

7.9 MB

Appropriate Assessment Conclusion

Meitheamh 2018

572 KB

Appropriate Assessment Determination

Meitheamh 2018

100 KB

Scroll to Top