Ár dTír a Athshamhlú:
Seolann an Rialtas tionscadal dar luach €116bn Éire 2040 – An Tionscadal

Arna eisiúint ag Oifig Preasa an Rialtais

  • An chéad uair i stair na hÉireann ar nascadh Pleanáil agus Infheistíocht
  • Ceithre chiste nua de €4bn ar an iomlán d’fhás tuaithe agus uirbeach, gníomhú ar son na haeráide agus nuálaíocht
  • Dírítear go mór ar an iompar chun gach cuid d’Éirinn a nascadh agus bearnaí a líonadh san Iarthuaisceart
  • Clár €22bn um athrú aeráide mar aon le hinfheistíocht ollmhór san iompar poiblí
  • Éire á réiteach don Bhreatimeacht trí infheistiú a dhéanamh sa todhchaí agus díriú ar earnálacha atá i mbaol

Éire 2040 – An Tionscadal – An Creat Náisiúnta Pleanála (Cliceáil le hamharc)

Sheol an Taoiseach Leo Varadkar agus an Rialtas plean €116bn inniu chun Éire a athshamhlú agus ullmhú don todhchaí tar éis cruinniú speisialta Comh-aireachta in Institiúid Teicneolaíochta Shligigh.

Os comhair lucht féachana de mhic léinn an choláiste, nocht an Chomh-aireacht Éire 2040 – An Tionscadal a bhfuil sé mar aidhm leis Éire na todhchaí a thógáil, agus ullmhú do shochaí sa todhchaí ina mbeidh milliún duine breise, agus 660,000 duine breise ag obair.

Glacann Éire 2040 – An Tionscadal le cur chuige iomlán éagsúil i leith pleanála don todhchaí trí dhíriú ní hamháin ar fhoirgnimh, ach ar fhorbairt shóisialta, gheilleagrach agus chultúrtha. Nascann sé pleanáil agus infheistíocht den chéad uair i stair na hÉireann, cothromaítear ann infheistíocht tuaithe agus uirbeach, agus seachnófar botúin a rinneadh roimhe seo.

Beidh trí cheathrú d’fhás nua taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, agus beidh 50% den fhás tuartha daonra inár mbailte, sráidbhailte agus ceantair thuaithe agus 50% inár gcathracha. Caithfidh ár bpríomhchathair, Baile Átha Cliath, fás aníos agus ní amach. Tá Plean Forbartha Náisiúnta 10 mbliana €116 billiún mar bhonn agus taca leis. Seo méadú drámatúil in infheistíocht phoiblí d’Éirinn, agus dá bharr beidh Éire ina ceannaire Eorpach don infheistíocht, ag fágáil deich mbliana caillte ó 2008 taobh thiar.

Thar aon ní eile, tá sé mar aidhm ag Éire 2040 – An Tionscadal Éire a réiteach don Bhreatimeacht trí infheistiú sa todhchaí le béim ar leith ar na Réigiún ar an Teorainn.
Áirítear ann ceithre chiste nua a ceapadh chun athnuachan agus infheistíocht a spreagadh i gceantair thuaithe agus uirbeacha, an comhshaol agus nuálaíocht:

  • Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeacha €2 bhilliún;
  • Ciste Forbartha Tuaithe €1 bhilliún;
  • Ciste do Ghníomhú ar son na hAeráide €500 milliún;
  • Ciste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí €500 milliún.

Dírítear go mór freisin ar an gcomhshaol agus €22 billiún leithdháilte le dul i ngleic leis an athrú aeráide thar ghníomhaireachtaí Stáit iompair, fuinnimh agus tráchtála.

Dúirt an Taoiseach:

“Is ionann é seo agus pointe suntasach i bhforbairt ár dtíre, an pointe ag ar gá dúinn na deich mbliana caillte a chur taobh thiar dúinn agus bogadh ar aghaidh i dtreo deich mbliana nua de leathnú. Plean é seo dár saoránaigh ar fad – idir sheandaoine, dhaoine óga, agus daoine nár rugadh go fóill, a chónaíonn i mbailte, i gcathracha agus faoin tuath. Leanann sé spiorad an Choileánaigh agus Lemass, daoine a rinne tréaniarracht i gcónaí chun ionchais gach saoránaigh Éireannaigh a ardú. Baineann sé le cinntiú go gcomhlíonann gach cuid d’Éirinn a cumas. Agus muid ag druidim le comóradh 100 bliain mar náisiún ceannasach, baineann sé le hinfheistiú a dhéanamh lena chinntiú go mbíonn ár dtír inslithe in aghaidh aon dúshlán féideartha cosúil leis an mBreatimeacht. Cosán atá ann i dtreo todhchaí dhearfach, inbhuanaithe.”

Ag trácht ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, dúirt an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohue:

“Athróidh an Plean Forbartha Náisiúnta seo an chaoi a ndéanaimid infheistíocht i mbonneagar poiblí in Éirinn. Bogann sé thar chur chuige an ama atá caite, ina raibh infheistíocht phoiblí scaipthe an iomarca agus ina raibh cinntí infheistíochta nár ailínigh le straitéis spásúil. Chuir na cleachtais sin le roinnt de na fadhbanna móra atá romhainn mar thír inniu, go háirithe forlámhas Bhaile Átha Cliath i dtéarmaí fás eacnamaíoch, mar aon leis na dúshláin atá roimh phobail tuaithe.”

Ag labhairt faoin gCreat Náisiúnta Pleanála, dúirt an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy:

“Tá athrú mór ar tí tarlú in Éirinn. Sa 20 bliain amach romhainn, beidh milliún duine breise anseo. Ardaíonn sé seo sraith ceisteanna tábhachtacha a chaithfimid a mheas, an ceann is bunúsaí díobh ná cá gcónóidh agus cá n-oibreoidh na daoine seo, agus cén cháilíocht bheatha a bheidh againn ar fad, agus cén tionchar a bheidh ag tír ina bhfuil sé mhilliún duine ar ár bpobail agus ar ár dtimpeallacht thógtha agus nádúrtha?
Tá sé de fhreagracht orainn na ceisteanna seo a fhreagairt; tá sé de fhreagracht orainn pleanáil do na hathruithe seo atá romhainn – chun ár bhfás amach anseo a bhainistiú go táirgiúil agus go hinbhuanaithe. Is cinnte gur dúshlán atá anseo, ach is deis iontach é freisin do ghlúin nua chun fís chomhroinnte a shamhlú, agus a fhorfheidhmiú do gach pobal ar an oileán seo.
Léiríonn Éire 2040 – An Tionscadal athrú tábhachtach ó chuir chuige roimhe seo chuig pleanáil agus infheistíocht fhadtéarmach ón Rialtas. Cur chuige atá ann a nascann uaillmhian don fheabhas i réimsí éagsúla dár saol, ag tabhairt ranna rialtais, gníomhaireachtaí, fiontair faoi úinéireacht an Stát agus údaráis áitiúla le chéile faoi shraith cuspóirí straitéiseacha comhroinnte don fhorbairt tuaithe, réigiúnach agus uirbeach.”

Críoch

Forbhreathnú

Tá dhá chuid in Éire 2040 – An Tionscadal:

  • Cuireann an Creat Náisiúnta Pleanála nua cruth ar fhás agus forbairt na hÉireann sa todhchaí go dtí an bhliain 2040, trí infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a threorú, deiseanna a chruthú do dhaoine, agus ár dtimpeallacht a bhreisiú.
  • Agus an Plean Forbartha Náisiúnta nua deich mbliana, atá mar bhuntaca leis an gCreat Pleanála le hinfheistíocht €116 billiún.

Áirítear ar chuid de phríomhghnéithe Éire 2040 – An Tionscadal:

  • Infheistíocht €8.4 billiún i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, 50 tionscadal scoile mórscála go bliantúil agus 15,000 spás scoile breise go bliantúil;
  • 2,600 leaba ospidéil ghéarmhíochaine agus trí ospidéal nua d’othair atá ábalta siúl do mháinliacht roghnach i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh le déileáil go sonrach le liostaí feithimh;
  • Ionaid phríomhchúraim bhreise agus níos mó cóiríocht chónaithe do seirbhísí meabhairshláinte agus do dhaoine faoi mhíchumas;
  • €7.3 billiún d’inrochtaineacht bóithre réigiúnacha ag infheistiú i mbóithre náisiúnta ar fud na hÉireann, agus €4.5 billiún do bhóithre réigiúnacha agus áitiúla, ag feabhsú nasc leis an iarthuaisceart agus ar fud na tíre;
  • 25,000 teach ar a laghad a thógáil faoin mbliain 2020, ag ardú chuig 30-35,000 go bliantúil suas go dtí 2027;
  • Tithíocht shóisialta a chur ar fáil do 112,000 teaghlach sna deich mbliana amach romhainn;
  • Líonra bóthair ardchaighdeáin Bhealach an Atlantaigh a fhorbairt chun Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Sligeach a nascadh;
  • Infheistíocht €2.2 billiún i mbonneagar ardoideachais, lena n-áirítear infheistíocht Comhpháirtíochta Poiblí Príobháidí in 11 Institiúid Teicneolaíochta;
  • Infheistíocht shuntasach i gcabhlaigh bus agus iarnróid, líonraí bus a athrú ó bhonn tríd an gclár BusConnects inár gcathracha, agus aistriú chuig busanna astaíochtaí ísle;
  • Infheistíocht inár n-aerfoirt agus ár gcalafoirt, lena n-áirítear an dara rúidbhealach d’Aerfort Bhaile Átha Cliath, Clár Aerfort Réigiúnach agus infheistíocht thiomanta i gCalafoirt Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus na Sionainne agus Fhainge.
  • Clár mór-infheistíochta i bhforais chultúir, ionaid ealaíne réigiúnacha, páirceanna náisiúnta agus clár caipitil spóirt;
  • Talamh fholamh nó nach n-úsáidtear go hiomlán i sráidbhailte, bailte agus cathracha a úsáidfear trí Ghníomhaireacht Athshlánaithe agus Forbartha Náisiúnta;
  • Seachadadh gearrthéarmach na Straitéise Náisiúnta Leathanbhanda a chinnteoidh clúdach i sráidbhailte, i gceantair thuaithe agus ar oileáin;
  • Forbairt a dhéanamh ar an Metro Link i mBaile Átha Cliath, an DART a shíneadh go Droichead Átha, Cill Droichid, Maigh Nuad agus na Clocha Liatha, agus pleanáil a dhéanamh d’fhairsingiú an Luas;
  • Áiseanna agus líonraí nua scagtha rothaíochta agus siúil, go háirithe i gcathracha agus i mbailte;
  • Rátaí dífhostaíochta a thabhairt laistigh de 1% den mheán náisiúnta i ngach réigiún;
  • Fócas leanúnach ar Infheistíocht Dhíreach Eachtrach ach tosaíocht chothrom a thabhairt do gheilleagar an fhiontair áitiúil agus Ionad Ard-Déantúsaíochta a bhunú;
  • Clár Maoine Réigiúnach an IDA a leathnú;
  • Fócas ar leith ar chomhoibriú agus comhfhorbairt i gceantair na teorann a osclaíonn an cumas do gheilleagar uile-oileáin;
  • Rúidbhealach nua d’Aerfort Bhaile Átha Cliath, infheistíocht in Aerfoirt Chorcaí agus na Sionainne, agus Aerfort Chnoc Mhuire Iarthar na hÉireann, agus d’aerfoirt níos lú;
  • Mórfhorbairt i gCalafoirt Bhaile Átha Cliath, Chorcaí, na Sionainne agus Fhainge agus i gcalafoirt eile,
  • Uasghrádú ar insliú fuinnimh in 45,000 áit chónaithe sa bhliain ó 2021;
  • Infheistíocht shuntasach i bhforais náisiúnta chultúir.

An Infheistíocht a Mhaoiniú

Baineann Éire 2040 – An Tionscadal le hinfheistíocht i mbonneagar de bheagnach €116 billiún sna deich mbliana go dtí 2027. Nascann sé seo €91 billiún go díreach ón Státchiste, mar aon le beagnach €25 billiún ó chuideachtaí tráchtála faoi úinéireacht an Stáit.
Dá bhrí sin, bogfaidh infheistíocht chaipitil phoiblí ó leibhéil réasúnta ísle le blianta beaga anuas mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíoch, go dtí infheistíocht is airde san AE beagnach (mar chéatadán den ioncam náisiúnta). Cuirfidh sé sin ar ár gcumas freagairt do na heasnaimh shoiléire inár mbonneagar, mar aon le riachtanais an daonra atá ag fás go tapa.

Tá an infheistíocht mhéadaithe á déanamh ar bhealach stuama agus tomhaiste. Cuirtear san áireamh neamhchinnteachtaí seachtracha atá roimh gheilleagar na hÉireann, mar aon leis na rioscaí a bhaineann le róthéamh.

Léiríonn an Plean Forbartha Náisiúnta cur chuige nua i leith infheistíocht chaipitil phoiblí in Éirinn. Baineann sé le hathchóiriú a dhéanamh ar an gcaoi a bpleanáiltear agus a seachadtar infheistíocht phoiblí. Bainfear amach é sin trí athrú cinntitheach go pleananna infheistíochta réigiúnacha comhtháite, comhordú níos láidre i measc earnálacha éagsúla agus roghnóireacht agus luacháil níos déine ar thionscadal chun luach ar airgead a chinntiú.

Tá samhail nua maoinithe d’infheistíocht phoiblí arna maoiniú ag an Státchiste á cur i bhfeidhm lena chinntiú go leithdháiltear acmhainní do thionscadail agus cláir a thacaíonn le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach sa Chreat Náisiúnta Pleanála nua

Bhí an mheán-infheistíocht chaipitil san AE le scór bliain anuas ag timpeall 3% den ioncam náisiúnta. Faoin bPlean Forbartha Náisiúnta tá sé réamh-mheasta go sroichfidh infheistíocht chaipitil phoiblí 3.8% den ioncam náisiúnta (GNI*) in 2021 agus 4% faoi 2024, agus infheistíocht mharthanach ag 4% ar an meán ar bhonn bliantúil thar an tréimhse ó 2022 go 2027.

Nótaí don Eagarthóir:

Deich dToradh Straitéiseacha

Tá sé mar aidhm ag Éire 2040 – An Tionscadal deich dtoradh straitéiseacha a bhaint amach, ag tógáil ar théamaí na folláine, an chomhionannais agus deiseanna. Cinnteoidh na deich dtosaíocht chomhroinnte seo cur chuige comhsheasmhach idir cuspóirí pleanála faoin gCreat Náisiúnta Pleanála agus tiomantas infheistíochta faoin bPlean Forbartha Náisiúnta. Is iad sin:

  • Dlúthfhás
  • Inrochtaineacht Réigiúnach Bhreisithe
  • Geilleagair agus Pobail Tuaithe Treisithe
  • Soghluaisteacht Inbhuanaithe
  • Geilleagar Láidir, arna thacú le Fiontar, Nuálaíocht agus Scileanna
  • Ceangailteacht Idirnáisiúnta Ardchaighdeáin
  • Conláiste agus Oidhreacht Bhreisithe
  • Aistriú chuig Sochaí Ísealcharbóin atá Seasmhach don Aeráid
  • Bainistiú Inbhuanaithe Uisce agus Acmhainní Comhshaoil eile
  • Fáil ar Sheirbhísí Cúram Leanaí, Oideachais agus Sláinte d’Ardchaighdeán
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Éire 2040 – An Tionscadal anseo