Ár nÁit – Ár Scéal

Tá Éire 2040 – Ár bPlean i gcomhpháirt le Bord Forbartha Leabharlann na Gníomhaireachta Bainistíochta Rialtais Áitiúil ag tabhairt faoi chomhthionscadal comhairliúcháin atá dírithe ar an bpobal, dar teideal Ár nÁit – Ár Scéal, a bheidh mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí don dréacht de Éire 2040 – Ár bPlean den Chreat Náisiúnta Pleanála

Tugadh cuireadh do roinnt leabharlann chun seisiún comhairliúcháin a reáchtáil i do phobal áitiúil chun poiblíocht a dhéanamh ar Ár nÁit – Ár Scéal agus tugtar cuireadh do do phobal áitiúil a bheith rannpháirteach i seisiún grúpa fócais atá ceaptha chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféiniúlacht Éireannach trí áit(eanna) agus an bhrí atá leis an bhféiniúlacht sin d’áiteanna anois, agus amach anseo.

Bainfidh lucht cruthaitheach áitiúil brí as torthaí na seisiún comhairliúcháin sin, daoine atá oilte san fhocal scríofa agus cuirfidh a gcuid dánta, gearrscéalta, etc., leis an gcomhairliúchán foirmiúil poiblí ar an dréacht-Chreat Náisiúnta Pleanála.

Bealach sainiúil speisialta a bheidh anseo chun brí a bhaint as an nasc atá ag pobail áitiúla lena gcoincheap áite agus an dóchas atá acu dá n-áit sa todhchaí.

Seo iad sonraí na seisiún comhairliúcháin le haghaidh Ár nÁit – Ár Scéal, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an duine ábhartha i do cheantar chun breis sonraí a fháil.

Leabharlann Teagmháil Dáta an Chomhairliúcháin
Donegal Co Co – Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair Denis McGeady, Donna Cavanagh Dé Céadaoin, 27 Meán Fómhair ag 6pm
Kildare Co Co – Naas Library Gillian Allen Déardaoin, 5 Deireadh Fómhair ag 7pm
Cork Co Co – Sherkin Island Michael Plaice Dé Máirt, 26 Meán Fómhair
Wexford Co Co – Sinead O’Gorman Dé Céadaoin, 12 Deireadh Fómhair ag 11am
Offaly Co Co Mary Stuart Déardaoin, 12 Deireadh Fómhair (pm)
South Dublin – Rowlagh Community Centre Margaret Bentley Dé Luain, 2 Deireadh Fómhair
Galway – Westside Library Catherine Gallagher Dé Céadaoin, 27 Meán Fómhair
Clare – Kilkee Library Frances O’Gorman Dé Céadaoin, 20 Meán Fómhair ag 7pm
book-and-cloud 2
Scroll to Top