Creat Cur Chun Feidhme na Straitéise Spáis Náisiúnta

Chomh maith le maoirseacht a dhéanamh ar ullmhú na dTreoirlínte Pleanála Réigiúnaí, tá an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ag déanamh monatóireachta ar ullmhú Pleananna Forbartha Contae, Cathrach agus Ceantair Áitiúil lena chinntiú go bhfuil siad ag teacht le cuspóirí na Straitéise Spáis Náisiúnta. Ullmhaíodh Dréacht-Treoirlínte maidir le Pleananna Forbartha agus eisíodh iad le haghaidh comhairliúchán poiblí i mí Aibreáin 2006 chun cuidiú le dea-chleachtas leanúnach agus an dea-chleachtas a chur chun cinn nuair atá pleananna forbartha á n-ullmhú. Táthar ag súil go gcuirfidh na treoirlínte na tuairimí agus na dearcthaí a fuarthas san áireamh agus go n-eiseofar iad mar threoirlínte reachtúla faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt go luath in 2007.

Soláthraíonn an Roinn treoir freisin do Ranna eile Rialtais, gníomhaireachtaí, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, grúpaí sainleasa agus an earnáil phríobháideach maidir leis an gcaoi ar féidir gnéithe spáis de bheartais, de phleananna agus de chláir eile a ailíniú agus a chomhtháthú chun tacú leis an gcreat spáis a leagtar amach sa Straitéis Spáis Náisiúnta.

Bunaíodh Coiste Stiúrtha Idir-Rannach chun maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas cur chun feidhme. Cuireadh tuairiscí ar dhul chun cinn faoi bhráid an Fhochoiste Comh-Aireachta um Thithíocht, Bonneagar agus CPPanna freisin.

Tá ról ag an Rannóg um Beartas Spáis maidir le treoirlínte pleanála a ullmhú agus a chur chun feidhme freisin (féach Rannán na dTuarascálacha/na Treorach) e.g.

  • Pleananna forbartha a ullmhú.
  • Na Treoirlínte um Pleanáil Miondíola.
  • Treoirlínte maidir le Tithíocht Tuaithe.
  • Dlús agus Forbairt Chónaithe.
  • Méid agus Caighdeáin Árasáin.
  • Tírdhreach.
  • Criosanna Forbartha Straitéisí.

Tosaíochtaí Cur Chun Feidhme: 2007+

Is iad seo a leanas na príomhspriocanna maidir leis an Straitéis Spáis Náisiúnta a chur chun feidhme sa bhliain amach romhainn agus ina dhiaidh sin:

  • Creat monatóireachta don Straitéis Spáis Náisiúnta a chomhaontú agus a chur chun feidhme (laistigh de chlár foriomlán monatóireachta an Phlean Forbartha Náisiúnta 2007–2013) le linn 2007.
  • Obair a dhéanamh laistigh de na struchtúir atá ann cheana ar leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun a chinntiú go nglacfaidh an raon leathan ranna, gníomhaireachtaí agus údaráis phoiblí úinéireacht ar an Straitéis agus go nglacfaidh siad freagracht chucu as a cur chun feidhme
  • An Ciste Nuálaíochta Tairsí a cheapadh, a oibriú agus a bhainistiú
  • Leanúint ar aghaidh ag obair go dlúth lenár gcomhghleacaithe i dTuaisceart Éireann ar fhorbairt trasteorann spáis chun comhar uile-Éireann a bhaint amach maidir le straitéisí spáis an dá dhlínse.
  • Tacaíocht a thabhairt d’Údaráis Réigiúnacha treoirlínte pleanála réigiúnaí atá i bhfeidhm anois a chur chun feidhme. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise.
  • Údaráis áitiúla a spreagadh chun a chinntiú go gcuimsíonn pleananna forbartha nua gnéithe láidre den chreat maidir le húsáid talún, iompar agus dearadh uirbeach le haghaidh na dtairseacha agus na mol go léir.
  • Leanúint de thacaíocht a fhorbairt don Straitéis Spáis Náisiúnta ach tacú le comhdhálacha, fóraim agus seimineáir.

Scroll to Top