Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí na Straitéise Spáis Náisiúnta

Chun tacú Leis an Straitéis Spáis Náisiúnta a chur chun feidhme mar chreat “pictiúir mhóir” chun cuspóir an Rialtais d’fhorbairt réigiúnach níos cothroime a bhaint amach, tá gá le straitéisí éifeachtacha pleanála ar leibhéal réigiúnach chun an nasc a sholáthar idir na creataí pleanála náisiúnta agus áitiúla. Caithfidh pleanáil spáis ar an leibhéal réigiúnach oibriú laistigh den chur chuige foriomlán a ghlactar sa Straitéis Spáis Náisiúnta, agus ní mór níos mó sonraí a sholáthar agus creat forbartha agus spáis a bhunú ar féidir é a úsáid chun pleananna forbartha údaráis áitiúil agus straitéisí pleanála eile a neartú ar leibhéal contae, cathrach agus áitiúil.

Má tá an Straitéis Spáis Náisiúnta le cur chun feidhme, caithfear Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí a chur i bhfeidhm ar fud na tíre. Leagtar amach sna roinnt ceanglas maidir le Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí a ullmhú Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí) 2003 (I.R. Uimh. 175 de 2003). Go háirithe, trí bhíthin na Rialachán, i gcomhréir leis na cumhachtaí faoi alt 23(4)(a) den Acht um Phleanáil agus Forbairt, 2000, shonraigh an tAire go bhfuil an Straitéis Spáis Náisiúnta ábhartha maidir le beartais pleanála straitéisí a chinneadh. Ciallaíonn sin go bhfuil sé de dhualgas ar údaráis réigiúnacha an Straitéis Spáis Náisiúnta a chur san áireamh nuair a dhéanann siad treoirlínte pleanála réigiúnaí dá gceantair.

I mí Feabhra 2003, d’eisigh an Roinn nótaí treorach chun cabhrú le hÚdaráis Réigiúnacha treoirlínte a ullmhú. Cliceáil Implementing the National Spatial Strategy Preparing Regional Planning Guidelines Guidance Notes (February 2003). Tá Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí i bhfeidhm anois do gach Údarás Réigiúnach agus is féidir iad a íoslódáil ó Shuíomhanna Gréasáin na nÚdarás Réigiúnach (féach ar leathanach na nasc).

Ó foilsíodh réamhthorthaí Dhaonáireamh na Príomh-Oifige Staidrimh 2006 (ina ndearbhaítear fás suntasach sa daonra sna ceithre bliana roimhe sin) measadh gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar na réamh-mheastacháin daonra a úsáideadh sa Straitéis Spáis Náisiúnta agus a bhí mar bhunús leis na Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí a glacadh i lár 2004. Bhí gá leis an athbhreithniú freisin toisc nach bhfuiltear ag súil le nuashonrú ón bPríomh-Oifig Staidrimh ar réamh-mheastacháin daonra réigiúnaigh go dtí deireadh 2007/tús 2008. Féach ar na réamh-mheastacháin don daonra náisiúnta agus na spriocanna don daonra réigiúnach le haghaidh 2006–2020. cliceáil anseo chun féachaint ar…

Scroll to Top