Tuarascálacha/Treoirlínte

Innéacs um Fhorbairt Tairsí (Feabhra 2009)

cliceáil anseo chun féachaint ar an Innéacs um Fhorbairt Tairsí…

Sheol an Teachta Dála Michael Finneran, an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil an tuarascáil maidir leis an Innéacs um Fhorbairt Tairsí ag Comhdháil Bhliantúil Thionól Réigiúin na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair i Ros Comáin an 2 Aibreán 2009.

Tuairiscítear leis an Innéacs um Fhorbairt Tairsí ar fhorbairt na naoi dTairseach sa Straitéis Spáis Náisiúnta agus tomhaistear a mhéad atá na tairseacha sin ag dul chun cinn mar spreagthóirí na forbartha geilleagraí réigiúnaí. Bunaítear sa tuarascáil seo anailís bhunlíne ar fheidhmíocht na dTairseacha thar raon leathan táscairí lena n-áirítear tosca daonra, fiontraíochta, comhshaoil, geilleagracha, fostaíochta agus sóisialta. Rinneadh suirbhé feasachta poiblí freisin chun tuairimí cónaitheoirí a ghabháil i ngach tairseach maidir le caighdeán na beatha agus tionchar an ainmniúcháin mar Thairseach. Tá na chéad torthaí den staidéar innéacs ag teacht ar an iomlán leis na hionchais atá ann maidir leis an gcaoi a bhfuil gach Tairseach agus an ceantar comaitéireachta timpeall uirthi ag feidhmiú sa raon táscairí a roghnaíodh. Tá sé beartaithe an cleachtadh ar an Innéacs um Fhorbairt Tairsí a dhéanamh arís in 2010 agus 2013, lena n-áirítear na sonraí ar a bhfuil sé bunaithe a leathnú, mar chuid den Straitéis Spáis Náisiúnta a chur chun feidhme agus monatóireacht a dhéanamh uirthi ar bhealach níos dírithe.

Rinne an Coiste Stiúrtha ar a raibh ionadaithe ó Thionól Réigiúin na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair agus Tionól Réigiúin an Deiscirt agus an Oirthir, agus an tAonad um Beartais Spáis de chuid na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, bainistíocht ar an tionscadal.


Moil na Straitéise Spáis Náisiúnta – Saincheisteanna agus Dúshláin Forbartha

Meitheamh 2007 cliceáil anseo chun féachaint ar National Spatial Strategy Hubs – Development Issues and Challenges…


TUARASCÁIL THAIRSEACHA AN ATLANTAIGH A SHEOLADH

Atlantic Gateways Initiative achieving critical mass (Meán Fómhair 2006)


TREOIRLÍNTE D’ÚDARÁIS PLEANÁLA MAIDIR LE TITHÍOCHT INBHUANAITHE TUAITHE

D’fhoilsigh an Teacht Dála Dick Roche, an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, na treoirlínte críochnaithe d’Údaráis Pleanála maidir le tithíocht inbhuanaithe tuaithe i mí Aibreáin 2005. Leanann na treoirlínte reachtúla deiridh na dréacht-treoirlínte d’Údaráis Phleanála maidir le tithíocht inbhuanaithe tuaithe a foilsíodh i mí an Mhárta 2004 chun deis a thabhairt do gach duine ar spéis leo an t-ábhar trácht a dhéanamh sula dtabharfaí na treoirlínte chun críche i bhfoirm reachtúil. Fuair an Roinn os cionn 100 aighneacht maidir leis na dréacht-treoirlínte ó eagraíochtaí agus ó dhaoine aonair ar suim leo na dréacht-treoirlínte. Cuimsíodh go leor moltaí chun na treoirlínte a shoiléiriú nó a fheabhsú sna treoirlínte san fhoirm dheiridh reachtúil ina bhfoilsítear iad anois. Tá raon leathan beart sna treoirlínte maidir le ceist na tithíochta tuaithe nó na tithíochta “aonuaire”. Daingnítear leis na treoirlínte an cur chuige a glacadh maidir le tithíocht tuaithe sa Straitéis Spáis Náisiúnta.

Cliceáil thíos chun féachaint ar na doiciméid seo a leanas:

Sustainable Rural Housing – Guidelines for Planning Authorities (Aibreán 2005)

Preaseisiúint

Léarscáil 1


TREOIRLÍNTE PLEANÁLA RÉIGIÚNAÍ A CHUR CHUN FEIDHME, TREOIR DEA-CHLEACHTAIS

Implementing Regional Planning Guidelines – Best Practice guidance (Feabhra 2005). Is féidir an phreaseisiúint agus óráid an Aire lena mbaineann a íoslódáil anseo.


CUIREANN ROCHE DEIREADH LEIS AN GCOSC AR PHLEANÁIL I MBAILTE AGUS I GCATHRACHA TAIRSÍ

D’fhógair an Teachta Dála Dick Roche, an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, gur shocraigh sé na Treoirlínte Pleanála Miondíola a athrú ionas nach mbeadh feidhm leis an uasteorainn ar spás urláir i dtrádstórais mhiondíola laistigh de réimsí feidhme cheithre údarás Bhaile Átha Cliatha agus na dTairseacha eile sa Straitéis Spáis Náisiúnta. Retail Planning Guidelines for Planning Authorities (Eanáir 2005). Is féidir is preaseisiúint lena mbaineann a íoslódáil anseo.


Implementing the NSS: Gateway Investment Priorities Study (Lúnasa 2006)


Implementing the National Spatial Strategy – Preparing Regional Planning Guidelines – Guidance Notes (Feabhra 2003)

Scroll to Top