In 2018, tháinig an Creat Náisiúnta Pleanála (CNP) in ionad na Straitéise Spáis Náisiúnta mar straitéis fhoriomlán pleanála agus forbartha spásúlachta d’Éirinn. Is ionann an CNP agus Plean Forbartha Náisiúnta 2021 le chéile agus Tionscadal Éireann 2040 atá ina chreat uileghabhálach beartais agus pleanála d’fhorbairt shóisialta, eacnamaíoch agus chultúrtha na hÉireann.
Sonraítear an méid seo a leanas le hAlt 20C (5) den Acht:
Gach 6 bliana tar éis dháta foilsithe an Chreata Náisiúnta Pleanála, déanfaidh an Rialtas mar seo a leanas:
Athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat nó ceann nua a chur ina ionad; nó ráiteas a fhoilsiú ag míniú cén fáth ar chinn an Rialtas gan athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat agus léiriú ar dháta luaite sa ráiteas faoina ndéanfar athbhreithniú nó faoina bhfoilseofar Creat Náisiúnta Pleanála nua.
Ar an 20 Meitheamh 2023, thug an Rialtas faomhadh chun tús a chur leis an bpróiseas chun tabhairt faoin gCéad Athbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Pleanála, de bhun Alt 20C (5) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus chun Treochlár don Chéad Athbhreithniú a fhoilsiú ina leagtar amach an próiseas agus an amlíne don phróiseas athbhreithnithe. Tá cóip den treochlár le fáil anseo..
Athchruthaíodh an Fóram Comhairleach Pleanála arís chun dul i ngleic le hathbhreithniú an CNP agus is é cuspóir an Fhóraim leas a bhaint as eolas agus scileanna raon leathan earnálacha lena n-áirítear ionadaíocht ardleibhéil ó na hearnálacha gnó, comhshaoil, sóisialta agus eolasbhunaithe chun bonn eolais a chur faoi smaointeoireacht straitéiseach agus cinnteoireacht straitéiseach don Chéad Athbhreithniú ar an CNP. Tuilleadh eolais faoi obair an Fhóraim Chomhairligh Pleanála.
Bunaíodh Grúpa Stiúrtha Tras-Rannach i mí Mheán Fómhair 2023 mar chuid den athbhreithniú ar an CNP chun gur féidir na saincheisteanna ábhartha a bhreithniú. Reáchtáladh cruinnithe déthaobhacha idir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Roinn eile sa bhliain 2023 agus cuireadh ionchur ar fáil ó oifigigh na Ranna ábhartha go léir mar chuid den phróiseas athbhreithnithe.
Bunaíodh an Grúpa Oibre Stiúrtha Teicniúil Comhshaoil chun comhairle agus treoir theicniúil oibiachtúil a sholáthar chun tacú leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus le haon chomhairleoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, chun measúnuithe comhtháite comhshaoil ar an gCéad Athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Náisiúnta Pleanála.
Bhí comhairliúchán poiblí Náisiúnta ar an dréacht athbhreithnithe de CNP ar siúl ón 10 Iúil 2024 go dtí an 12 Meán Fómhair 2024. Reáchtáladh feachtas faisnéise freisin (lena n-áirítear na meáin chraolta, na meáin chlóite, na meáin dhigiteacha agus na meáin shóisialta) chun feasacht a ardú ar an bpróiseas comhairliúcháin agus chun an pobal a spreagadh chun dul i ngleic leis an dréacht-athbhreithniú. Fuarthas 272 aighneacht le linn chéim an chomhairliúcháin maidir leis an dréacht.
Is iad seo a leanas na príomhthiománaithe don Chéad Athbhreithniú ar an CNP:
• Aistriú Aeráide – aghaidh a thabhairt ar spriocanna astaíochtaí earnála agus Plean Gníomhaíochta Aeráide 2023.
• Déimeagrafaic Dhaonra – pleanáil le haghaidh neamhchinnteachta.
• Cothromaíocht Réigiúnach – réaltacht na huaillmhéine réigiúnaí agus an dúshlán a bhaineann le haistriú ó ‘gnó mar is gnách’.
• Digitiú – Tionchair ar obair, ar mhiondíol, ar chomaitéireacht agus ar réigiúin.
• Infheistíocht agus Tosaíocht – Uainiú agus Tosaíocht.
• Dréachtchéim (Iúil-Lár Mheán Fómhair 2024): Foilsiú an dréachta athbhreithnithe den CNP agus measúnuithe teicniúla a théann leis i gcomhairliúchán poiblí náisiúnta.
• Céim an Leasaithe (R4 2024): Athbhreithniú agus breithniú ar aighneachtaí agus aon leasuithe ábhartha a chur i bhfeidhm
• • Céim an Fhormheasa (R1 2025): Faomhadh an doiciméid deiridh agus an foilsiú ina dhiaidh sin.
Mar chuid d’ullmhú an chéad Athbhreithnithe ar an gCreat Náisiúnta Pleanála, tá roinnt measúnuithe comhshaoil á ndéanamh. Ina measc sin, tá Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST), Measúnacht Chuí (MC) agus chomh maith le Measúnacht Straitéiseach Riosca Tuilte (MSRT).
Tá sé mar aidhm ag Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta soláthar cosanta ar ardleibhéal don timpeallacht a chur ar fáil agus cur le comhtháthú na gceisteanna timpeallachta in ullmhú agus glacadh na bpleananna d’fhonn forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.
Rinneadh Treoir (2001/42/CE) ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an Measúnacht ar Éifeachtaí Pleananna agus Clár Áirithe maidir leis an gComhshaol (an Treoir MST), a thrasuíomh sa reachtaíocht náisiúnta in Éirinn le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna agus ar Chláir Áirithe) Rialachán 2004 (I.R. Uimh. 435/2004) agus na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004 (I.R. 436/2004), arna leasú.
Is éard is Measúnacht Chuí (MC) ann ná measúnú ar na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag plean nó tionscadal (i gcomhcheangal le pleananna nó tionscadail eile) ar Limistéir Chaomhantais Speisialta agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta. Tá na suíomhanna seo faoi chosaint ag an Dlí Náisiúnta agus Eorpach.
Faoi Threoir 92/43/CEE ón gComhairle maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú, ar a dtugtar an Treoir maidir le Gnáthóga, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (SACanna) a ainmniú chun gnáthóga agus speicis thábhachtacha i gcomhthéacs an Aontais Eorpaigh a chosaint agus a chaomhnú. Ainmnítear Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SACanna) faoin Treoir um Chaomhnú Éan Fiáine (79/409/CEE) mar atá códaithe le Treoir 2009/147/ CE.
Is éard atá i Measúnacht Straitéiseach Riosca Tuilte (MSRT) ná measúnú ar gach cineál riosca tuilte a thugann eolas do chinntí pleanála maidir le húsáid talún. Cuirfidh sé seo ar chumas an Údaráis Phleanála láithreáin chuí a leithdháileadh le haghaidh forbartha, agus ag an am céanna deiseanna a aithint chun riosca tuile a laghdú.
Ba phríomhspreagthaí ar an mbealach a bhainistíonn Éire priacail tuile iad Treoir Tuilte an AE agus an Córas Pleanála agus Treoirlínte Bainistithe Priacail Tuile 2009. Cuimsíonn Measúnacht Straitéiseach Riosca Tuilte (MSRT) meicníochtaí cuimsitheacha chun riosca tuilte a shainaithint, a mheasúnú agus a bhainistiú a ionchorprú.
Bhí comhairliúchán poiblí Náisiúnta ar an dréacht athbhreithnithe de CNP ar siúl ón 10 Iúil 2024 go dtí an 12 Meán Fómhair 2024. Reáchtáladh feachtas faisnéise freisin (lena n-áirítear na meáin chraolta, na meáin chlóite, na meáin dhigiteacha agus na meáin shóisialta) chun feasacht a ardú ar an bpróiseas comhairliúcháin agus chun an pobal a spreagadh chun dul i ngleic leis an dréacht-athbhreithniú. Fuarthas 272 aighneacht le linn chéim an chomhairliúcháin maidir leis an dréacht.
Tá nasc chuig na haighneachtaí le fáil anseo.
Tá an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), agus reachtaíocht um Chosaint Sonraí.