Dréacht Nuashonraithe den Chreat Náisiúnta Pleanála Athbhreithnithe – Samhain 2024

Ar an 5 Samhain 2024, chomhaontaigh an Rialtas dréacht-sceideal de na leasuithe ar an gCéad Athbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Pleanála (CNP), ag eascairt as an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí a bhí ar siúl ón 10 Iúil 2024 go dtí an 12 Meán Fómhair 2024, a chur chun cinn agus a fhoilsiú. Chun an tAthbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Pleanála a thabhairt chun críche, ceanglófar ar an Rialtas in am trátha CNP Athbhreithnithe deiridh a fhaomhadh tar éis deireadh na measúnuithe timpeallachta, lena n-áireofar Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta; Ráiteas Tionchair Natura agus Cinneadh Measúnachta Iomchuí, chomh maith le Measúnacht Straitéiseach ar Riosca Tuile. Féach freisin: Comhaontaíonn an Rialtas leasuithe ar an Dréacht- Athbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Pleanála & spriocanna tithíochta uaillmhianacha a chur chun cinn.

Tá na doiciméid seo a leanas ar fáil anois chun féachaint orthu sna naisc thíos:

Updated Draft Revised National Planning Framework

Dréacht Nuashonraithe den Chreat Náisiúnta Pleanála Athbhreithnithe

(lena gcuimsítear dréacht-sceideal na leasuithe ag eascairt as an gcomhairliúchán poiblí, faoi réir tabhairt chun críche tar éis measúnú timpeallachta)

Dréacht-Sceideal na Leasuithe Beartaithe don Dréacht den Chreat Náisiúnta Pleanála Athbhreithnithe a foilsíodh ar an 10 Iúil

(ag eascairt as comhairliúchán poiblí agus faoi réir tabhairt chun críche tar éis mheasúnú comhshaoil)

Dréacht-Sceideal na Leasuithe Beartaithe don Dréacht den Chreat Náisiúnta Pleanála Athbhreithnithe a foilsíodh ar an 10 Iúil

(ag eascairt as comhairliúchán poiblí agus faoi réir tabhairt chun críche tar éis mheasúnú comhshaoil)

Foilseofar cóip iomlán den Dréacht Nuashonraithe den Chreat Náisiúnta Pleanála Athbhreithnithe (lena gcuimsítear dréacht-sceideal na leasuithe ag eascairt as an gcomhairliúchán poiblí, faoi réir tabhairt chun críche tar éis measúnú timpeallachta) as Gaeilge gan mhoill.