Tá an Dréacht-Chreat Náisiúnta Pleanála Athbhreithnithe, mar aon leis na Measúnuithe Comhshaoil, ar fáil le breathnú orthu thíos.
Le heolas a fháil ar conas aighneacht a dhéanamh ar aon cheann den cháipéisíocht thuas, tabhair cuairt ar an leathanach Glac Páirt sa Chomhrá.
Dóibh siúd atá ag iarraidh na cáipéisí a fheiceáil ar an láthair, éascófar é seo ach coinne a dhéanamh ag ceanncheathrú na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1, le linn uaireanta oifige (9am go 5.30pm Luan go Déardaoin agus 9am go 5.15pm ar an Aoine, laethanta saoire poiblí as an áireamh) ón gCéadaoin, 10 Iúil 2024 go 5pm Déardaoin, 12 Meán Fómhair 2024 (an dá dháta san áireamh). Glaoigh ar (01) 888 2000 nó bain úsáid as an leathanach Déan Teagmháil Linn chun coinne a dhéanamh.
Beidh leagan Gaeilge den Dréacht-Chreat Náisiúnta Athbhreithnithe ar fáil go gairid.