Conas do thuairimí a chur in iúl

Is féidir aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an dréacht-athbhreithniú ar an CNP agus ar Thuarascáil Chomhshaoil agus ar an Achoimre Neamhtheicniúil agus ar an Measúnú Straitéiseach Riosca i gCás Tuilte de chuid MST a dhéanamh ar an tairseach comhairliúcháin thiomnaithe.

De rogha air sin, is féidir aighneachtaí a dhéanamh sa phost chuig an seoladh seo a leanas: An Chéad Athbhreithniú ar Chomhairliúchán an Chreata Náisiúnta Pleanála, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1, D01 W6X0.

Comhairliúchán Poiblí maidir le Measúnú Timpeallachta

I gcomhréir le Treoir an Aontais Eorpaigh um Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (MST) (2001/42/CE) agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnú Timpeallachta ar Phleananna agus Cláir Áirithe) 2004, I.R. Uimh. 435 de 2004 (arna leasú le I.R. 200 de 2011), tá Tuarascáil Chomhshaoil agus Achoimre Neamhtheicniúil MST ag gabháil leis an Dréacht Athbhreithnithe ar an CNP, agus tá comhairliúchán poiblí á dhéanamh i gcomhréir le Rialachán 13(1)(b) de na Rialacháin sin.

Comhairliúchán Poiblí maidir le hÉin agus Gnáthóga Nádúrtha

I gcomhréir le Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Gnáthóga (92/43/CEE) agus an Treoir maidir le hÉin (2009/147/CE), rinneadh Measúnacht Chuí faoi Rialachán 42A de Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha) 2021 (I.R. Uimh. 293 de 2021), agus tá comhairliúchán poiblí á dhéanamh i gcomhréir le Rialachán 42(13) de na Rialacháin sin.

Ba cheart aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an Ráiteas Tionchair Natura agus doiciméid chomhairliúcháin ábhartha eile a dhéanamh go díreach chuig Aonad um Measúnú Éiceolaíoch (AME) na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra trí ríomhphost chuig EAU@npws.gov.ie nó tríd an bpost chuig:

An Chéad Athbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Pleanála,
Measúnacht Tionchair Natura,
Seomra 2.23 An tAonad um Measúnú Éiceolaíoch,
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra,
90 Sráid an Rí Thuaidh,
Margadh na Feirme,
Baile Átha Cliath 7,
D07 N7CV.

Breithneoidh an tAonad um Measúnú Éiceolaíoch na haighneachtaí sin, agus beidh siad mar bhonn eolais do chinneadh de bhun Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga.

Breathnaigh ar an Dréacht Athbhreithnithe den Chreat Náisiúnta Pleanála

Foghlaim faoin
bPróiseas Athbhreithnithe
go dtí seo

Ceisteanna Coitianta

Scroll to Top