Dréacht d’Éire 2040 – Ár bPlean

Fúinn

Thar ceann an Rialtais, tá dréacht den Chreat Náisiúnta Pleanála, dar teideal Éire 2040 Ár bPlean, ullmhaithe ag an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.
Níos luaithe i mbliana, chuaigh an Rialtas i gcomhairle le daoine ar fud na hÉireann trí fheachtas náisiúnta inar iarradh tuairimí faoi phlean a dhéanamh d’Éirinn. Fuarthas na mílte aighneacht, rinneadh iad a athbhreithniú agus a mheas sular ceapadh dréachtphlean.
Tá dréacht de Éire 2040 – Ár bPlean ar fáil anois, i dteannta le roinnt tuarascálacha comhshaoil (Measúnacht Straitéiseach Timpeallacha (Tuarascáil Chomhshaoil) ina measc chomh maith le faisnéis tacaíochta eile anseo.
Journey to Draft (Cliceáil chun méadú)
Journey to Draft (Cliceáil chun méadú)

Cad atá i “Éire 2040 – Ár bPlean”?

Is é Éire in Éirinn 2040 – ná léiriú spásúil ar bheartas an Rialtais agus soláthróidh sé Treoirlínte Náisiúnta na hÉireann agus na hÚdaráis Áitiúla, ag forbairt na bpróiseas pleanála atá i bhfeidhm cheana ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus á chomhordú. Straitéisí Spásúla agus Eacnamaíochtaí Réigiúnacha (SSERanna) agus Plean Forbartha Cathrach agus Contae.

In Éire 2040 – Ár bPlean, tabharfar aghaidh ar fhorbairt ár gcathracha, bailte agus ceantar tuaithe amach anseo, i measc saincheisteanna eile. Tabharfaidh an creat aghaidh go sonrach ar: –

  • Ról ár gCathair agus ár mBailte;
  • Féidearthacht ár gcuid Réigiún;
  • Forbairt Tuaithe;
  • Cáilíocht bheatha níos fearr a sholáthar do dhaoine agus phobail;
  • Soláthar tithe chun freastal ar riachtanais amach anseo;
  • Ár ceantair cósta agus mhara;
  • Comhordú ar dhéanamh áite lenár gcomharsana;
  • Ról na pleanála i bhfreagairt d’athrú aeráide; agus
  • Comhthéacs um infheistíocht i mbonneagar amach anseo.

Trí phleanáil don todhchaí déantar difríocht mhór do shaol daoine. In Éire 2040 dírítear ar bhealaí praiticiúla ar féidir le pleanáil fadtéarmach feabhas a chur ar an áit ina bhfuil cónaí orainn, ag obair, ar an gcaoi a mbogann muid timpeall, ár gcáilíocht saoil agus rath agus ár comhshaol.

Tá an domhan ag athrú agus Éire chomh maith. Is é an bealach is fearr gur féidir lenár dtír aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bheidh romhainn i gcónaí, ná pleanála a dhéanamh don athrú sin.
Cliceáil anseo le haghaidh Foilseachán.

 

Conas Aighneacht a dhéanamh faoin Dréacht de Éire 2040 – Ár bPlean

Tugtar deis duit ag an gcéim seo den chomhairliúchán freagra a thabhairt ar an dréacht-chreat trí dhul chuig an leathanach Roinn do chuid Tuairimí. Is mór againn d’ionchur agus ba mhaith linn thú a bheith rannpháirteach ach aighneacht a dhéanamh. Táimid ag súil le do thuairimí a chloisteáil.

 

Is féidir féachaint ar gach aighneacht a fuarthas mar chuid den Dréacht de Éire 2040 – Ár bPlean can ag an nasc thíos.

FÉACH

Fís Éire 2040

 

Tá an fhís atá leagtha amach faoin gCreatphlean seo bunaithe ar shraith luachanna a chinnteoidh dul chun cinn eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta fadtéarmach na hÉireann do gach cearn den tír. Agus bealach nua ar aghaidh á mhúnlú, tarraingíonn Éire 2040 – Ár bPlean a foghlaimíodh ó Straitéis Spásúil Náisiúnta agus leagtar béim ar fhís ratha atá bunaithe ar roghanna níos fearr seachas cur chuige ‘ar an tseandóigh’.

Gnéithe lárnacha Éire 2040 – Ár bPlean

Cuimsíonn Éire 2040 fís agus straitéis atá tacaithe ag sraith de Chuspóirí Beartais Náisiúnta agus beidh sé ar aon dul le Plean Infheistíochta Náisiúnta an Rialtais. Sa Chreat Náisiúnta Pleanála féachtar chuig:

  • Forbairt na hÉireann sa todhchaí a threorú, agus méadú tuartha de 1 mhilliún ar ár ndaonra a thógáil san áireamh, chomh maith leis an ngá le 660,000 post breise fostaíocht iomlán a bhaint amach agus gá le 550,000 teach eile faoi 2040;
  • Cur ar chumas daoine bheith ina gcónaí níos gaire dá n-áit oibre, ag bogadh ar aghaidh ó na treochtaí reatha de chomaitéireacht mhéadaithe, ar treochtaí neamhinbhuanaithe iad;
  • Foirmeacha níos dlúithe d’fhorbairt uirbeach a bhaint amach i ngach cineál lonnaíochta.
  • Tuath na hÉireann a athnuachan trí phatrúin fáis a chur chun cinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil;
  • Scaipeadh níos fearr fáis réigiúnaigh, idir poist agus rath, a phleanáil agus a chur i bhfeidhm;
  • Lonnaíocht de gach méid a athrú ó bhonn trí hathnuachan uirbeach shamhlaíoch agus beogacht / poist a thógáil ar ais go cathracha, bailte agus sráidbhailte;
  • Comhordú a dhéanamh ar sheachadadh bonneagair agus seirbhísí i dteannta le fás, trí nasc idir CNP/an Plean Infheistíochta Náisiúnta agus pleananna earnála comhsheasmhacha, a chabhróidh leis an bhfás sin a bhainistiú agus le dul i ngleic le fadhbanna bhrú tráchta agus cháilíocht bheatha.
Elements of the Strategy  (cliceáil chun méadú)
Elements of the Strategy (cliceáil chun méadú)
Conas Aighneacht a dhéanamh faoin Dréacht de Éire 2040 – Ár bPlean

Tugtar deis duit ag an gcéim seo den chomhairliúchán freagra a thabhairt ar an dréacht-chreat trí dhul chuig an leathanach Roinn do chuid Tuairimí. Is mór againn d’ionchur agus ba mhaith linn thú a bheith rannpháirteach ach aighneacht a dhéanamh. Táimid ag súil le do thuairimí a chloisteáil.

 

Ireland 2040 Vision (Cliceáil chun méadú)

Foilseacháin

 

Fís Éire 2040

Ireland 2040 – Our Plan
National Planning Framework

Meán Fomhair 2017

11 MB

or Íoslódáil Leagan Priontála
(Le priontáil ar an dá taobh ar mhaithe le soléiteacht)

 

Éire 2040 Ár bPlean
Dréacht-Chreat Náisiúnta Pleanála

Meán Fomhair 2017

7.9 MB

 

Press Release

Meán Fomhair 2017

263 KB

 

FÉACH AR LÍNE or ÍOSLÓDÁIL

Environmental Report – Ireland 2040

Meán Fomhair 2017

25.7 MB

 

ÍOSLÓDÁIL

Natura Impact Statement – Ireland 2040

September 2017

9 MB

 

ÍOSLÓDÁIL

Strategic Flood Risk Assessment Report – Ireland 2040

September 2017

263 KB

ÍOSLÓDÁIL

Scroll to Top