-
Ciorcláin
-
An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeacha (CAFU) – Gairm ar Thograí
Mar chuid de Éire 2040 – An Tionscadal, tá an Rialtas tar éis bunú Ciste nua um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeacha (CAFU) a fhógairt, chun tacú go príomha le fás fuinte agus forbairt inbhuanaithe na gcúig chathair agus na lárionad uirbeach mór eile in Éirinn.
Is í an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil atá freagrach as an gCiste a chur i bhfeidhm, ag a bhfuil €2 bhilliún ón bPlean Forbartha Náisiúnta go dtí an bhliain 2027, go príomha chun tacú le fás fuinte agus forbairt inbhuanaithe na gcúig chathair agus na lárionad uirbeach mór eile in Éirinn.
I gcomhréir le cuspóirí an Chreata Náisiúnta Pleanála, tá an Ciste ceaptha chun sciar níos mó d’fhorbairt chónaithe agus tráchtála a chur chun cinn, agus tacaíocht aici ó bhonneagar, seirbhísí agus áiseanna, laistigh de ‘lorg’ reatha tógtha ár n-áiteanna lonnaíochta níos mó.
…
An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeacha (CAFU) – Gairm ar ThograíRead More »
-
Foilseachán Nua
-
Ráiteas maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST)
De réir mar a cheanglaítear faoin reachtaíocht AE, thug an Rialtas faoi roinnt measúnuithe timpeallachta ar an dréacht-Chreat Náisiúnta Pleanála. Áirítear leo sin Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST), Measúnú Oiriúnachta maidir leis an Treoir maidir le Gnáthóga ón AE, agus Meastóireacht Straitéiseach maidir le Riosca Tuilte.
Tugadh aird ar na measúnuithe seo agus doiciméad an Chreata á thabhairt chun críche agus tá an doiciméad i gcomhréir le ceanglais Threoir 2001/42/CE maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (Treoir MST) mar a cuireadh i bhfeidhm in Éirinn le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) (I.R. Uimh 435 de 2004), arna leasú, agus leis na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004 (I.R. Uimh. 436 de 2004), arna leasú.
…
Ráiteas maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST)Read More »
-
Ár dTír a Athshamhlú:
Seolann an Rialtas tionscadal dar luach €116bn Éire 2040 – An TionscadalArna eisiúint ag Oifig Preasa an Rialtais
- An chéad uair i stair na hÉireann ar nascadh Pleanáil agus Infheistíocht
- Ceithre chiste nua de €4bn ar an iomlán d’fhás tuaithe agus uirbeach, gníomhú ar son na haeráide agus nuálaíocht
- Dírítear go mór ar an iompar chun gach cuid d’Éirinn a nascadh agus bearnaí a líonadh san Iarthuaisceart
- Clár €22bn um athrú aeráide mar aon le hinfheistíocht ollmhór san iompar poiblí
- Éire á réiteach don Bhreatimeacht trí infheistiú a dhéanamh sa todhchaí agus díriú ar earnálacha atá i mbaol
Sheol an Taoiseach Leo Varadkar agus an Rialtas plean €116bn inniu chun Éire a athshamhlú agus ullmhú don todhchaí tar éis cruinniú speisialta Comh-aireachta in Institiúid Teicneolaíochta Shligigh.
Os comhair lucht féachana de mhic léinn an choláiste, nocht an Chomh-aireacht Éire 2040 – An Tionscadal a bhfuil sé mar aidhm leis Éire na todhchaí a thógáil, agus ullmhú do shochaí sa todhchaí ina mbeidh milliún duine breise, agus 660,000 duine breise ag obair.
…
-
Deiseanna um Réigiúin agus Chontaetha na hÉireann: Scenarios and Implications an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) Sraith Taighde Uimh.70
Sa taighde ón ESRI, a foilsíodh inniu, cuirtear ar fáil réamh-mheastacháin do réigiúin agus contaetha na hÉireann go dtí an bhliain 2040, fiosraítear cad a bheidh i ndán má leantar leis na patrúin phleanála spásúla reatha (ar a dtugtar an cur chuige Gnó Mar is Gnách), agus cad a tharlóidh faoi raon eile cásanna. Faoi na cásanna eile, rinneadh machnamh ar dháileadh réigiúnach leathan an daonra, post agus fás fostaíochta. Baineadh úsáid as an taighde agus an samhaltú, a rinne an ESRI mar chuid den tionscadal taighde seo, chun bonn eolais a chur faoi straitéis fáis an Chreata Pleanála Náisiúnta. Úsáideadh an cur chuige Gnó Mar is Gnách mar bhonnlíne ónar forbraíodh cásanna eile na todhchaí. Rinneadh staidéar ar an gcás is fearr uaidh sin, agus cuireadh i bhfeidhm sa Chreat Pleanála Náisiúnta é.
-
Spriocdháta i gcomhair Aighneachtaí
Níltear ag glacadh níos mó le hAighneachtaí faoi Éire 2040 – Ár bPlean, an Dréacht-Chreat Náisiúnta Pleanála. Ba é an spriocdháta chun aighneachtaí a fháil ná 12 meán lae, Dé hAoine, 10 Samhain 2017.
-
Síneadh curtha leis an spriocdháta i gcomhair aighneachtaí
Tá síneadh curtha leis an spriocdháta i gcomhair aighneachtaí go dtí 12 meán lae Dé hAoine, 10 Samhain 2017. Caith súil ar an leathanach Roinn do chuid tuairimí linn chun sonraí a fháil faoin gcaoi le d’aighneacht a dhéanamh.
-
Éire 2040 – Ár bPlean – Preaseisiúint
Inniu, d’fhoilsigh an Rialtas “Éire 2040 – Ár bPlean” don tsraith dheiridh de chomhairliúcháin phoiblí. Sna seachtainí amach romhainn, go dtí an 3 Samhain, beidh deis ag an bpobal athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat pleanála straitéisí fadtéarmach d’fhás agus do rathúnas na tíre amach anseo. Treoróidh Éire 2040 – Ár dTionscadal deiseanna pleanála náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla inár bPoblacht mar aon le cinntí infheistíochta as seo go ceann scór bliain ar a laghad.
…
-
Pictiúr tarraingthe ag níos mó ná 3,000 scoláire ar fud na tíre den chuma ar mhaith leo a bheith ar Éirinn sa bhliain 2040
Bhronn an tAire Simon Coveney duaiseanna inniu ar bhuaiteoirí an Chomórtais Náisiúnta Póstaer faoi ‘Éire 2040 – Ár bPlean’ leis na Scoileanna Glasa ag Searmanas Bronnta Gradam i dTeach an Chustaim, Baile Átha Cliath.
Tharraing níos mó ná 3,000 scoláire ó 255 scoil ó gach contae in Éirinn póstaer chun a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis an gcuma ar mhaith leo a bheadh ar Éirinn sa todhchaí. Thug an comórtas ardán do leanaí agus do dhaoine óga chun páirt a ghlacadh sa chéim comhairliúcháin d’fhorbairt Éire 2040 – Ár bPlean (An Creat Náisiúnta Pleanála).