Roinn do chuid tuairimí linn (dréacht 2.0)

Cuir Aighneacht Isteach

Sula gcuirfidh tú d’aighneacht isteach, is féidir leat tuilleadh a léamh anseo faoi Éire 2040 – Ár bPlean.

Cén uair is féidir liom aighneacht a chur isteach?

Is féidir aighneachtaí ag an gcéad chéim seo den Chreat Pleanála Náisiúnta a chur isteach idir 9 am Déardaoin, 2 Feabhra 2017 agus 12 meán lae Déardaoin, 16 Márta 2017. Ní ghlacfar le haighneachtaí maidir leis an gcéim réamhdhréachta seo ina dhiaidh sin. Ní mór go mbeadh an méid a leanas i ngach aighneacht:

  • D’ainm agus sonraí aon eagraíochta, grúpa comhphobail nó comhlachta ar a bhfuil tú ag déanamh ionadaíochta.
  • Seoladh comhfhreagrais.
  • D’aighneacht maidir le ceisteanna pleanála ábhartha faoin gCreat Náisiúnta Pleanála.

Conas is féidir liom aighneacht a dhéanamh?

Cuir d’aighneacht isteach ar mheán amháin le do thoil, cóip leictreonach nó cóip chrua.

  • Is féidir d’aighneacht a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist seo, agus an seoladh seo amháin, npf@housing.gov.ie,
  • Nó,
  • Cuir d’aighneacht sa phost chuig an seoladh a leanas:
    Aighneachtaí faoin gCreat Náisiúnta Pleanála,
    An Rannóg um Pleanáil Chun Cinn
    An Roinn Tithíochta, Pleanála,
    Pobail agus Rialtais Áitiúil,
    Teach an Chustaim,
    Baile Átha Cliath, D01 W6X0
  • Nó,
  • Cuir aighneacht isteach ar líne (féach thíos)

Bosca Aighneachtaí

Beidh tuilleadh deiseanna ann don phobal agus do gach páirtí leasmhar aighneacht a chur isteach maidir le pleanáil straitéiseach agus treoir bheartais an Chreata Pleanála Náisiúnta, níos déanaí sa phróiseas.

Tabhair faoi deara go bhféadfar aighneachtaí a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin agus go dtagann siad faoi réir Saoráil Faisnéise. Cuirfear in iúl go bhfuarthas aighneachtaí ach ní bheidh sé indéanta freagraí indibhidiúla a eisiúint.

    Name:

    Surname:

    Email:

    Postal Address:

    Message:

    Number of characters: 0

    (File upload is optional)

    Please input this code: captcha

    Scroll to Top