Ireland 2040 Our Plan – National Planning Framework
  • Ga
  • En
  • FÚINN
    • Comhchomhairle Réamh-Dhréachta
    • Dréacht d’Éire 2040 – Ár bPlean
    • An Creat Náisiúnta Pleanála
  • NSS
    • Tuarascálacha/Treoirlínte
    • Creat Cur Chun Feidhme na Straitéise Spáis Náisiúnta
    • Gateway Innovation Fund 2009-2010
    • Naisc na Straitéise Spáis Náisiúnta chuig suíomhanna gréasáin ábhartha eile
    • Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí na Straitéise Spáis Náisiúnta
  • NUACHT
  • CAFU
  • LEABHARLANN
  • ROINN DO CHUID TUAIRIMÍ LINN
    • Roinn do chuid tuairimí linn
    • Aighneachtaí
      (Comhairliúchán Réamhdhréachta)
  • DÉAN TEAGMHÁIL LINN

Suíomh Gréasáin NPF.ie arna bhainistiú ag NRUP

(Ráiteas Príobháideachais)

Is í an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an Roinn Rialtais atá freagrach as an tithíocht agus uisce, as an bpleanáil fhisiciúil agus spásúil, as an rialtas áitiúil, as réamhaisnéis na haimsire agus as an oidhreacht, idir an oidhreacht tógtha agus nádúrtha araon.

Tá an Roinn tiomanta don phríobháideacht a chosaint agus a urramú. Mínítear sa ráiteas príobháideachais seo conas a phróiseálfaidh an Roinn, mar an Rialaitheoir Sonraí, na sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil di maidir leis an suíomh gréasáin NPF.ie, conas a úsáidfear an fhaisnéis sin, agus na cearta atá agat agus a ghabhann le do shonraí pearsanta.

Catagóirí de Shonraí Pearsanta

Próiseálann an Roinn na sonraí pearsanta seo a leanas le haghaidh Shuíomh Gréasáin NPF.ie.: Aon sonraí a chuirtear ar fáil san fhoirm chun teagmháil a dhéanamh linn, de réir rogha atá déanta ag an té a chur isteach é, m.sh. ainm, ríomhphost, srl.

Foinse na Sonraí Pearsanta

Is iad na húinéirí sonraí aonair a sholáthraíonn na sonraí pearsanta don Roinn.

Cuspóirí na próiseála

Úsáidfidh an Roinn do chuid sonraí d’fhonn teagmháil a dhéanamh leat chun freagra a thabhairt ar d’fhiosrúchán. Ní phróiseálfaidh an Roinn do shonraí pearsanta chun críche ar bith seachas an ceann lena mbailíodh iad.

An Próifíliú

Ní úsáidfidh an Roinn na sonraí pearsanta seo a leanas i dtaca le láithreán gréasáin NPF.ie mar chuid den phróiseas ceannacháin chun críocha na cinnteoireachta uathoibrithe, nó chun críocha an phróifílithe.

Dlíthiúlacht na próiseála

Tá an phróiseáil seo ar do shonraí pearsanta dleathach faoi Airteagal 6 (1) (c) de bhun an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000.

Slándáil do shonraí pearsanta

Úsáideann an Roinn slite teicniúla agus eagraíochtúla chun do chuid faisnéise a chosaint ó úsáid neamhúdaraithe. In ainneoin na mbeart sin, áfach, níl aon bhearta slándála ann atá foirfe nó nach bhfuiltear in ann iad a shárú, agus níl aon mhodh chun sonraí a tharchur a bhfuiltear in ann a ráthú nach ndéanfar é a idircheapadh nó a mhí-úsáid ar aon bhealach eile. Sa chás go gcuirtear do chuid sonraí pearsanta i gcontúirt mar thoradh ar shárú slándála, cuirfear beartas agus nósanna imeachta Bainistíochta Sáraithe na Roinne i bhfeidhm.

Faighteoirí na sonraí

Ní dhéanfar sonraí pearsanta a mhalartú le Ranna Rialtais eile, nó le húdaráis áitiúla, gníomhaireachtaí faoin Roinn, nó le comhlacht poiblí eile, i gcúinsí ar leith a fhoráiltear sa dlí.

Aistrithe Sonraí Trasteorann

Ní aistreoidh an Roinn sonraí pearsanta a bhaileofar maidir leis an suíomh gréasáin NPF.ie chuig aon tír nó eagraíocht idirnáisiúnta atá lasmuigh den AE/LEE.

Cá fhad a choinneofar do shonraí?

Ní choinneoidh an Roinn do shonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun na críche ar bailíodh iad agus ar próiseáladh iad. De réir na riachtanas reachtach agus gnó, tá an tréimhse choinneála sonraí a ghabhann le do shonraí pearsanta, sa chás seo, ar aon dul le Beartas na Roinne níos leithne.

Do Chearta

Is féidir Beartas um Chosaint Sonraí , na Roinne a fháil ar ár suíomh gréasáin, agus leagtha amach ann an tslí a mbímid ag úsáid do chuid sonraí pearsanta chomh maith le faisnéis faoi do chearta mar dhuine is ábhar do na sonraí (lena n-áirítear sonraí maidir leis an gceart rochtana, an ceart chun ceartúcháin, an ceart go ndéanfaí léirscriosadh, ceart chun srian a chur ar phróiseáil, an ceart agóid a dhéanamh). Tá an beartas ar fáil i gcóip chrua chomh maith, ach iarratas a dhéanamh air.

Má mheasann tú gur sáraíodh do chearta, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn (www.dataprotection.ie), agus tá sé de cheart agat leigheas breithiúnach a lorg ina dtaca sin chomh maith.

Déan Teagmháil Linn

Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait, nó más mian leat rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta, téigh i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na Roinne, a bhfuil a shonraí ag seo thíos:

An tOifigeach Cosanta Sonraí,
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta,
Bóthar an Bhaile Nua,
Loch Garman

Ríomhphost: data.protection@housing.gov.ie

Cuardaigh

Postálacha le déanaí

  • Ciorcláin
  • An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeacha (CAFU) – Gairm ar Thograí
  • Foilseachán Nua
  • Ráiteas maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST)
  • Ár dTír a Athshamhlú:
    Seolann an Rialtas tionscadal dar luach €116bn Éire 2040 – An Tionscadal

Copyright © 2021 - Ireland 2040 - Our Plan with National Planning Framework

Bainistigh Toiliú maidir le Fianáin
Bainimid leas as teicneolaíochtaí amhail fianáin chun faisnéis faoin ngaireas a stóráil agus/nó chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin d’fhonn an taithí is fearr a chur ar fáil. Má thugann tú toiliú maidir leis na teicneolaíochtaí seo cuirfear ar ár gcumas sonraí amhail iompar brabhsála nó comharthaí uathúla aitheantais ar an láithreán seo a phróiseáil. Mura dtugann tú toiliú nó má tharraingíonn tú siar toiliú, d’fhéadfadh drochthionchar a bheith aige sin ar ghnéithe agus ar fheidhmeanna áirithe.
Fianáin Feidhme Always active
The technical storage or access is strictly necessary for the legitimate purpose of enabling the use of a specific service explicitly requested by the subscriber or user, or for the sole purpose of carrying out the transmission of a communication over an electronic communications network.
Preferences
The technical storage or access is necessary for the legitimate purpose of storing preferences that are not requested by the subscriber or user.
Staitistice
The technical storage or access that is used exclusively for statistical purposes. The technical storage or access that is used exclusively for anonymous statistical purposes. Without a subpoena, voluntary compliance on the part of your Internet Service Provider, or additional records from a third party, information stored or retrieved for this purpose alone cannot usually be used to identify you.
Margaíochta
The technical storage or access is required to create user profiles to send advertising, or to track the user on a website or across several websites for similar marketing purposes.
Manage options Manage services Manage vendors Read more about these purposes
Féach ar Roghanna
{title} {title} {title}